Uí Fhlaithbheartaigh

sloinne


Dream Gaelach is ea Uí Fhlaithbheartaigh/Uí Fhlaithearta (Meán-Ghaeilge Ua Flaithbertach), lonnaithe i gContae na Gaillimhe an lá atá inniu ann. Bunaíodh an chlann sa 10ú haois, ainmnithe as Flaithbheartach mac Eimhin.

Armas Uí Fhlaithbheartaigh

Uí Bhriúin Seola na gConnacht is ea a sinsear. Uí Chonchúir agus Mhic Dhiarmada ba ea a ngaoil Ó dhúchas, ba ríthe Mhaigh Sheola agus Muintir Mhurchadha iad. I ndiaidh chliseadh Chathail mhic Thiarnáin ag Aodh an Gha Bhearnaigh san 11ú haois, cuireadh an éisc ar an gclann siar go dtí Iar Connacht, Conamara an lae inniu. Bhí suas i gceannas ann go dtí an 16ú haois.

Bunús cuir in eagar

Rianaítear ginealach Uí Fhlaithbertaigh siar go Brión mac Echach Muigmedóin, rí Chonnacht agus leasdeartháir Néill Naoighiallaigh. Dar leis na seanscéalta, an 122a Ardrí Éireann ba ea a n-athair, Eochaid Mugmedón mac Muireadhaigh, de shliocht díreach Mhíl Espáine (c. 1763 BCE – c. 1699 BCE).

Géag de Muintir Mhurchadha is ea Uí Fhlaithbheartaigh. Ainmnithe as Murchad mac Máenaigh (bás 891), rí Uí Bhriúin Seola is ea an mhuintir. Ar ceann desna ríthe luaite atá luaite sa cheantar is ea Murchadh. Ghabh an teaghlach is cumhachtaí na muintire an sloinne Ó Flaithbheartaigh/Ó Flaithearta ón 11ú haois ar aghaidh.

Maigh Sheola, taobh thoir de Loch Coirib i ríocht na gConnacht, ba ea na críocha is luaite a bhí ag clann Uí Fhlaithbheartaigh.

Ríthe Mhaigh Sheola cuir in eagar

D'éirigh chlann Uí Bhriúin i gceannas sna Connachta faoin 8ú haois, agus Uí Bhriúin Seola ina mórghéag ann. Feictear beirt mhac Mhurchadha mhic Mhaonaigh sna ginealaigh: Urchadh[1] agus Urumhain.

 
Éire sa bhliain 1450

Athair Bhéibinne ba ea Urchadh. Banfhlaith Uí Bhriúin Seóla agus banríon Tuamhain (beo luath-10ú haois) ba ea í. Phós Béibhinn le Cinnéide mac Lorcáin as Tuamhain, agus bhí mac acu, Brian Bóramha (c. 941 – 23 Aibreán 1014), Ardrí na hÉireann. Bhris Brian an smacht a bhí ag clann Uí Néill ar an ardríogacht agus throid sé chun Éire a aontú faoi rí dúchais amháin.

Bhí beirt deirfiúracha ag Béibhinn: Creassa, bean chéile Taidhg mhic Cathail; agus Caineach, bean chéile shinsear Chlann Choscraigh Uí Bhriúin Seola. Tháinig a deartháir, Donnchadh, i gcomharbacht ar a n-athair mar rí Mhaigh Sheola (943–959).

An chéad Ó Flaithbheartaigh cuir in eagar

Ba é Muireadhach ua Flaithbheartaigh, rí Mhaigh Sheola (bás 1034) an chéad duine i gcúige Chonnacht a ghlac an t-ainm an sloinne. Bhí triúr mac ag Muireadhach: Ruairí Loch Cimbe, Donnachadh Álainn agus Aodh. Bhí Ruairí agus Donnchadh beirt ina sinsir Uí Fhlaithbheartaigh Thoir agus Thiar i gConamara.

Ar deoraíocht cuir in eagar

I nAnnála na gCeithre Máistrí, insítear go bhfuarthas Ruairí Ó Flaithearta (I), rí Iar Chonnacht, bás ag Cath Ghleann Pádraig sa bhliain 1061[2] (Leabhar Bhaile an Mhóta: bás 1062):

Maidhm Glinne Pattraicc ria n-Aodh Ua Conchobhair for Iarthair Connacht, in ro mudhaighith ile im Ruaidhri Ua Flaithbheartaigh, tigherna Iarthair Connacht, & ro dicendadh é, & ruccadh a ceann co Cruachain Chonnacht iar sraoineadh for mac Aodha mic Ruaidhri.
Maidhm Ghleann Phádraig ag Aodh Ó Conchúir ar Iarthair Connacht, inár maraíodh uile, Ruairi Ó Flaithbheartaigh, tiarna Iar-Chonnacht ina measc, agus baineadh a cheann de agus tógadh a cheann go Cruachain Chonnacht, tar éis do mhac Aodha mhic Ruairí bheith sraonta.

An bhliain dár gcionn, deirtear gur maraíodh Tadhg mac Aodha Ó Conchúir, ag mac Aodha mhic Ruairí (.i. Uí Fhlaithbheartaigh), agus fir Iar-Chonnacht. As seo amach, chuir ríthe na gConnacht an ruaig ar an gclann as a háit dúchais agus i nIar Chonnacht isteach.

An tríú rí Iar Chonnacht leis an sloinne na ea Aodh Ua Flaithbheartaigh (bás 1079). Maraíodh Aodh sa bhliain 1079 ag Ruaidrí na Saide Buide (bás 1118), a dalladh dá réir sin ag Flaithbertach Ua Flaithbertaigh, rí Iar Chonnacht, sa bhliain 1092.

Flaithbheartach Ua Flaithbheartaigh, rí Chonnacht cuir in eagar

Dréacht ginealaigh is ea Críochaireacht cinedach dúchais Mhuintir Mhurchadha ina bhfeictear liostaí desna príomhtheaghlaigh agus a gcuid tailte i réimeas a tiarna, Flaithbheartach Ua Flaithbheartaigh, rí Iar Chonnacht ón mbliain 1091 go dtí a bhás sa bhliain 1098. Ghabh sé ríogacht na gConnacht sa bhliain 1092 tar éis dó an iar-rí Ruairí na Saidhe Buí, athair baiste a chlann. Maraíodh é ag mic Ruairí sa bhliain 1098.

Ríthe Iar Chonnacht cuir in eagar

D'fhan rí Iar Chonnacht, Muireadhach Ua Flaithbheartaigh (bás 1121), agus a shliochtaigh, dílis do ríthe Uí Chonchúir.

Roimh dheireadh na 13ú haois, bhí clann Uí Fhlaithbheartaigh i gceannas ar críocha fho léir Iar Chonnacht, leata ó bhruacha thiar Loch Coirib go dtí an t-aigéan Atlantach. Sna 1230í, tháinig na Normannach go hÉirinn agus ghabh siad cathair na Gaillimhe. Cuireadh cosc ar na Gaeil buaileadh isteach gan srian sa chathair.

Sa 16ú haois, thóg Uí Fhlaithbheartaigh Caisleán Achadh na nIúr. Chonacthas é ar stampa Éireannach. Is séadchomhartha náisiúnta anois é agus meallann sé a lán turasóirí, bainistithe ag Oifig na nOibreacha Poiblí.

Mana agus Armas cuir in eagar

Is é mana na clanna ná:

Fortuna Favet Fortibus
Neartaíonn an t-ádh an laoch

B'fhéidir gur spreagadh seo as an rann céanna san Aeneid le Virgil.

Feictear ar armas Uí Fhlaithbheartaigh:

"dhá laghairt nó dhragan dearga ina gcolgsheasamh ag troid, ag tacaíocht lámh dhearg dheas, nasctha ag caol na lámh, ar bun nár dubh ocht-rámha.

Go minic, measctar na laghairteanna le leoin i nósanna araltais Shasana heraldic. Feictear go minic salamandar glas (liath nó uaithne) ar clogad dubh is cionn an armais.

Níl a lán ar eolas faoi nósanna araltais na nGael, cé go ndéantar trácht ar brait agus meirgí catha ar leith i n-annála Éireann amhail is Annála na gCeithre Máistrí.

Daoine mór le rá Uí Fhlaithbheartaigh cuir in eagar

 
Liam Ó Flaithearta.

Flaherty cuir in eagar

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. rí Mhaigh Sheola; Leabhar Bhaile an Mhóta den 14ú haois: rí Iarthair Chonnacht, bás 945
  2. Annála na gCeithre Máistrí, ACM 1061.13
  3. Williams, Guy St. John (1995). "A sea-grey house : the history of Renvyle House": 136. [Renvyle, Co. Galway]: Renvyle House Hotel. 

Teimpléad:Ríocht na gConnacht