Uachtarán na Comhairle Eorpaí

Bíonn an tUachtarán ina chathaoirleach ar chruinnithe na Comhairle Eorpaí agus stiúrann sé a cuid imeachtaí. Eisean a áirithíonn go ndéantar ionadaíocht sheachtrach ar an Aontas Eorpach ar a leibhéal féin freisin maidir le saincheisteanna a bhaineann le comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais.[1]

Infotaula de càrrec políticUachtarán na Comhairle Eorpaí
SealbhóirCharles Michel
ó 1 Nollaig 2019
CónaitheAn Bhruiséil
Ceaptha agAn Chomhairle Eorpach
DlínseAontas Eorpach
InstitiúidAn Chomhairle Eorpach
Cruthú1 Nollaig 2009
Suíomheuropean-council.europa.eu…

Is é Charles Michel Uachtarán na Comhairle Eorpaí ón 1 Nollaig 2019 i leith. Príomh-Aire na Beilge ab ea é ar feadh 5 bliana roimhe sin.

Go neamhfhoirmeálta taobh istigh de na hInstituidí glaotar "PEC" (President of the European Council) ar an ról go hiondúil.

Ról an Uachtarán cuir in eagar

Leagtar amach ról an Uachtaráin in Airteagal 15 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Tá Uachtarán na Comhairle Eorpaí freagrach as na nithe seo a leanas go háirithe:

  • cathaoirleacht a dhéanamh ar chruinnithe den Chomhairle Eorpach agus obair na Comhairle a stiúradh
  • ullmhúchán agus leanúnachas obair na gcruinnithe den Chomhairle Eorpach a chinntiú i gcomhar le hUachtarán an Choimisiúin, agus ar bhonn obair na Comhairle Gnóthaí Ginearálta
  • cabhrú le comhtháthú agus comhthoil a éascú sa Chomhairle Eorpach
  • tuarascáil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa tar éis gach cruinniú den Chomhairle Eorpach

Déanann Uachtarán na Comhairle Eorpaí deimhin de go ndéantar ionadaíocht sheachtrach an Aontais ar leibhéal na gceann stáit nó rialtais freisin:

  • maidir le saincheisteanna a bhaineann le Comhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES) an Aontais, i dteannta Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála a chabhraíonn le CBES a chur i bhfeidhm agus le haontacht, comhsheasmhacht agus éifeachtacht an bheartais a chinntiú
  • ag cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta, go hiondúil i dteannta Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh

Ceapachán cuir in eagar

Toghann an Chomhairle Eorpach Uachtarán na Comhairle Eorpaí trí thromlach cáilithe.

Toghtar an tUachtarán ar feadh tréimhse dhá bhliain go leith, agus é sin in-athnuaite uair amháin. I gcomhréir leis an gcleachtas seanbhunaithe, is í an uachtaránacht rothlach atá i gceannas ar an bpróiseas toghcháin. Le linn na Comhairle Eorpaí, mar a bpléitear toghadh an Uachtaráin, is é an ceann stáit nó Rialtais atá ag déanamh ionadaíocht don uachtaránacht a bhíonn mar chathaoirleach ar an gcuid sin den chruinniú.

Ní ceadmhach don Uachtarán oifig náisiúnta a shealbhú ag an am céanna.

Foireann cuir in eagar

Cabhraíonn Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh (an Ardrúnaíocht) leis an gComhairle Eorpach agus lena hUachtarán.

Bíonn oifig phríobháideach ag an Uachtarán freisin, Cabinet an Uachtaráin. Tá foireann agus oifig an Uachtaráin lonnaithe in áras Europa na Comhairle sa Bhruiséil, an Bheilg.

Is é Frédéric Bernard, as an Bheilg, atá i gceannas faoi láthair ar Cabinet Michel.[2]

IarUachtarán cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí" (ga). www.consilium.europa.eu. Dáta rochtana: 2021-02-05.
  2. "AGENCE EUROPE - Frédéric Bernard replaces François Roux at head of Charle...". agenceurope.eu. Dáta rochtana: 2021-02-05.