Úlla

baile i gContae Luimnigh
(Athsheolta ó Uibhle)

Baile beag é Úlla[1] (Béarla: Oola) atá i gContae Luimnigh i lár iarthar na hÉireann. Tá sé gar do chathair Luimnigh i gCúige na Mumhan, Poblacht na hÉireann.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilÚlla

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 52°32′00″N 8°15′00″W / 52.533333333333°N 8.25°W / 52.533333333333; -8.25
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Mumhan
Contae in ÉirinnContae Luimnigh Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán324 Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie1411627

Ar phríomhbhóthar an N24 idir Luimneach agus Port Láirge atá an baile agus tá Tiobraid Árann 12 km soir ó dheas uaidh.

Ar an mbaile beag féin tá teach pobail (Eaglais Mhuire gan Smál), stáisiún peitril, siopa ginearálta a osclaíonn go dtí go mbíonn sé déanach, péire tithe tábhairne, páirc imeartha, oifig an phoist, comhar creidmheasa, halla pobail, agus díoltóir bláthanna ina measc.

Stair cuir in eagar

Níl ballóga Chaisleán Úlla i bhfad ón mbaile beag. Fuarthas beanna an fhia mhóir anseo sa mbliain 1825 agus bhí caoi mhaith orthu. Sa mbliain 1828 thángthas ar thrumpa práis agus ar shleá agus ar reanna saighde cré-umhaí. Tugadh na rudaí seo d’iarsmalann Choláiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath.

Iompar cuir in eagar

Cé nach mbíonn seirbhís traenach chuig an mbaile níos mó, tá mórstáisiún Gabhal Luimnigh in aice láimhe. Cónaí ar thart ar 500 duine in Úlla faoi láthair.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Úlla/Oola | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.