Uilliam Nuinseann

file agus reibiliúnach Éireannach

File ba ea Uilliam Nuinseann (1550 - 30 Meitheamh 1625) agus mac do Risteard Nuinseann, an t-ochtú Barún Dealbhna. Bhí sé ar dhuine de na Sean-Ghaill úd a raibh baint acu le dhá dhúchas.[1]

Infotaula de personaUilliam Nuinseann
Beathaisnéis
Breith1550 (Féilire Ghréagóra)
Bás1625
74/75 bliana d'aois
Seanchaisleán na Nuinseannach i nDealbhna, Co. na hIarmhí (1181)

Bhí sé ag déanamh léinn in Ollscoil Oxford sa bhliain 1571 agus é bliain is fiche d'aois. Ba é a dheartháir Criostóir Nuinseann, an naoú Barún, a scríobh príméar Gaeilge d'Éilís I, banríon Shasana. Bhí Uilliam pósta le Janet Marward, iníon le Walter Marward, Barún Scríne, agus sa bhliain 1580 bhí sé páirteach i gceannairc Bhealach Conglais. Nuair a cuireadh comhcheilg ina leith, siúd ó thuaidh go dtí Torlach Luineach Ó Néill agus go dtí Mag Uidhir é. Ina dhiaidh sin thug sé a aghaidh ar Albain agus ar an mór-roinn. Tugadh pardún dó nuair a d'fhill sé abhaile sa bhliain 1584.

A shaothar cuir in eagar

Chum Uilliam Nuinseann roinnt filíochta Gaeilge, agus is léir go raibh sé oilte go maith uirthi. Deirtear gur scríobh sé filíocht Bhéarla freisin. Bhí sé mór le Giolla Brighde Ó hEódhasa, sagart agus file nótálta a cailleadh i Lováin. Sa dán Triall ó Dhealbhna cuireann sé in iúl an t-uaigneas atá air agus é ar a choimeád:

Dá bhfaomhadh Dia dhamh tar mh'ais
rochtain dom dhomhan dúthchais,
ó Ghallaibh ní ghéabhainn dol
go clannaibh séaghainn Sacsan.
Dá mbeith nár baoghal muire
fágbháil leasa Laoghhaire,
mo mheanma siar ní séanta -
triall ó Dhealbhna is dodhéanta...

Léigh freisin cuir in eagar

  • Ua Brádaigh, T. (1965). 'Na Nuinsionnaigh, mór-theaghlach Gall-Ghaelach, agus an cultúr Gaelach,' Ríocht na Midhe 3, 211-21, lgh 215-19.
  • De Brún, Pádraig, Ó Buachalla, Breandán agus Ó Concheanainn, Tomás (eag.) (1975). Nua-Dhuanaire, Cuid 1. Institiúid Ardléinn Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar