Is uimhir í an uimhir dhénártha atá bunaithe ar an dá shiombail 0 is 1, a úsáidtear i ríomhairí. I ngnáthuimhir dheachúlach baintear feidhm as 10 siombail—0, 1, 2, 3, 4, 5, 6, 7, 8, 9—chun seasamh d'aon uimhir ar leith. I gcórais ríomhaireachta, áfach, baintear feidhm as feistí leictreonacha déstaideacha chun uimhreacha a stóráil is a láimhseáil. Tugtar giotáin (digití dénártha) ar na siombailí seo 0 is 1. Is féidir aon uimhir a scríobh sa bhfoirm seo ach dóthain giotán a úsáid: 0 = 00000000, 1 = 00000001, 2 = 00000010, 3 = 0000011, 4 = 00000100, 5 = 00000101, 6 = 00000110, 7 = 00000111, 8 = 00001000, 9 = 00001001. De ghnáth úsáidtear aonad 8 ngiotán i ríomhairí, agus tugtar beart air. Baintear feidhm as foirm dhénártha chun seasamh do litreacha is chomharthaí eile in ASCII, an cód a úsáidtear go forleathan i ríomhairí.[1]

Bosca Sonraí UimhirUimhir dhénártha
Cineálpositional numeral system (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Airíonna

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Uimhir dhénártha". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 688.