Sa mhatamaitic, is uimhir í an uimhir fhoirfe a bhfuil suim a roinnteoirí cothrom leis an uimhir féin. Mar shampla is iad roinnteoirí 6 ná 1, 2, 3, agus 1 + 2 + 3 = 6. Is iad roinnteoirí 28 ná 1, 2, 4, 7, 14, agus 1 + 2 + 4 + 7 + 14 = 28. Is í 496 an chéad uimhir fhoirfe eile. Thug Eoiclídéas an fhoirmle seo ina Uraiceacht chun uimhreacha foirfe a aimsiú: más uimhir phríomha í 2n - 1, is uimhir fhoirfe 2n-1 (2n - 1). Is ré-uimhreacha iad na huimhreacha foirfe ar fad a aimsíodh go dtí seo, níl a fhios an bhfuil a leithéid de rud agus corruimhir fhoirfe ann.[1]

Bosca Sonraí UimhirUimhir fhoirfe
Cineálcineál uimhreach Cuir in eagar ar Wikidata
Airíonna
Foirmlí
Slonn ailgéabrach Cuir in eagar ar Wikidata

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Uimhir fhoirfe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 688.