Péinteáil ina n-úsáidtear dathanna atá measctha le meán atá intuaslagtha in uisce, cosúil le guma arabach. D'úsáidtí é sa tsean-Éigipt, an tsean-Sín, agus i léiriú lámhscríbhinní sa Mheánaois. Ní ghlactar le teampara ná guais mar fhíoruiscedhathanna, de bhrí go mbraitheann siad ar leachtdathanna tréshoilseacha ar pháipéir throma speisialta, bíodh siad bán nó bándaite go héadrom. Máistrí uiscedhatha ab ea Thomas Girtin (1775-1802), John Cotman (1782-1842) agus Joseph Turner (1775-1851).[1]

Mionphortráid de Robert Emmet, uiscedhath ar eabhar
Cloigtheach Cluana, uiscedhath le Edward Fanshawe, 1856
Foireann péinteála uiscedhath

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Uiscedhath". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 690.