Gluaiseacht i bpéintéireacht is clóbhualadh sa tSeapáin, faoi bhláth sa 16ú-19ú céad. Chuir sé béim ar stíl is aeistéitic, agus ba iad na téamaí is mó ná ábhair amharclannacha, aisteoirí, striapacha is radhairc tire. Chuir Masonobu (1686-1764) dathanna san áireamh is peirspictíocht, faoi thionchar na nOllannach. Tionchar ag radhairc tíre dhaite i ngreanadóireacht adhmaid Hokusai is Hiroshige (1797-1858) ar ealaíontóirí Francacha an 19ú céad. Chónasc Kiyochika (1847-1915) an modh oibre seo le modhanna iartharacha, ag cur solais is scátha san áireamh.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Ukiyo-e". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 691.