Sa bhliain 2009, rinne an stiúideo anamúlachta Pixar an scannán Up. Is iad greann, dráma agus eachtra na téamaí atá sa scannán. Is é an t-athrú a thagann ar an bpríomhcharachtar Carl Fredericksen mar gheall ar an ngaol atá idir é féin agus an príomhcharachtar eile Russell atá mar chroílár an scannáin seo. Sna 1930í, bhuaileamar le Carl. Buachaill óg le meon eachtrúil atá ann. Tá sé ag iarraidh a bheith ina thaiscéalaí, cosúil lena laoch mór, Charles Muntz. Buaileann sé le Ellie, cailín a bhfuil suim mhór aici i ag Charles Muntz freisin. Ligeann sí rún le Carl go bhfuil sí ag iarraidh a chlubtheach a bhogadh go dtí Paradise Falls, i Venezuela, mar beidh sí ina taiscéalaí nuair atá si fásta, cosúil le Carl. Geallann Carl go dtabharfaidh sé cabhair di é a dhéanamh. Titeann siad i ngrá agus pósann siad a chéile nuair atá siad fásta suas. Déanann siad cúpla iarracht dul go Paradise Falls, ach níl siad in ann dul mar gheall ar chúiseanna difriúla. Tar éis tamaill nuair atá Carl agus Ellie cnagaosta, éiríonn Ellie tinn agus cailltear í. Tar éis cúpla bliain, tá Carl fós sa teach ach tá forbairt uirbeach timpeall an tí anois. Gortaíonn Carl tógálaí de thimpiste, ach ordaíonn cúirt go gcaithfidh Carl dul go teach cnagaosta. Déanann Carl cinneadh áfach chun dul go Paradise Falls in ionad an teach cnagaosta. Déanann sé teach aerárthach – úsáideann sé na mílte balún chun dul go Venezuela. Tógann na balúin an teach suas san aer (le Russell freisin, buachaill beag atá ball den Cumann Scabtha a bhí ag doras Carl ag an am), agus tosaíonn an eachtra. Tá an carachtar Carl bunaithe ar an aisteoir Spencer Tracy. Ba é Russell an chéad charachtar Áiseach a bhí sna scannáin Pixar riamh, rud a bhí molta ag an bpobal Áiseach Meiriceánach. Bhuaigh an scannán dhá Gradam Oscar sa bhliain 2009, agus ba é ‘Up’ an chéad scannán anamúlachta a bhuaigh an Gradam Scannán Is Fearr ó ‘Áille agus an Bhrúid’, sa bhliain 1991.

Bosca Sonraí ScannáinUp
Cuir in eagar ar Wikidata
Buneolas
StiúrthóirPete Docter agus Bob Peterson Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhcharachtair
luach ar iarraidh Cuir in eagar ar Wikidata
LéiriúJonas Rivera Cuir in eagar ar Wikidata
ScriptPete Docter agus Bob Peterson Cuir in eagar ar Wikidata
CeolMichael Giacchino Cuir in eagar ar Wikidata
Eagarthóireacht scannáinKevin Nolting (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht léiriúcháinPixar Cuir in eagar ar Wikidata
DáileoirFórum Hungary Cuir in eagar ar Wikidata
Mionsonraí
Tír bhunaidhStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Céadléiriú29 Bealtaine 2009 Cuir in eagar ar Wikidata
Fad ama96 min Cuir in eagar ar Wikidata
BunteangaBéarla Cuir in eagar ar Wikidata
Dathdaite Cuir in eagar ar Wikidata
Buiséad175,000,000 $ Cuir in eagar ar Wikidata
Tuilleamh735,099,082 $ (domhanda)
293,004,164 $ (Stáit Aontaithe Mheiriceá) Cuir in eagar ar Wikidata
Cur síos
Seánrascannán eachtraíochta, scannán grinn agus scannán fantaisíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Rátáil MPAAPG Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhábhareitlíocht agus Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh scéalaíochtaMeiriceá Theas, Veiniséala agus Stáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Liosta na ngradam agus na n-ainmniúchán
Ainmnithe do
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáin oifigiúilpixar.com… Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: tt1049413 Filmaffinity: 777460 Allocine: 130368 Rottentomatoes: m/up Letterboxd: up Mojo: up Allmovie: v402056 TCM: 736493 Metacritic: movie/up TV.com: movies/up-2009 AFI: 55789 Cuir in eagar ar Wikidata

Sraith: List of Pixar films (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
WALL-E Cuir in eagar ar Wikidata
Toy Story 3 (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata


Tagairtí cuir in eagar