Is éard is urghaire[1][2] ann ná ordú cúirte a éilíonn ort rud éigin ar leith a chur i gcrích nó staonadh ó rud éigin ar leith a chur i gcrích nó a chleachtadh. Má dhéanann tú neamhshuim den urghaire, féadfar pionós a ghearradh ort. I dteanga an dlí, deirtear go n-eisíonn an chúirt urghaire.

Samplaí de na hurghairí is féidir leis an gcúirt a eisiúint ná:

  • Urghaire a chuireann cosc le táirgí a bhfuil damáiste iontu do na tomhaltóirí.
  • Urghaire a thugann ar do thiarna talún tú a ligean isteach i d'árasán, mura bhfuil cúis dhleathach aige le tú a chaitheamh amach. Leis an tionónta a dhíshealbhú, caithfidh an tiarna talún cloí leis an nós imeachta dlíthiúil.
  • Má tá monarcha éigin ag truailliú, is féidir leis na húdaráis áitiúla urghaire a lorg ón gcúirt leis an monarcha a dhúnadh chomh luath agus is féidir.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): urghaire” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2023-12-31.
  2. Niall Ó Dónaill agus Pádraig Ua Maoileoin, eag.: “An Foclóir Beag: urghaire” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1991). Dáta rochtana: 2023-12-31.