Veikko Huovinen

scríbhneoir Fionlannach

Scríbhneoir Fionlannach a bhí i Veikko Johannes Huovinen a rugadh i Simo, in iardheisceart na Laplainne Fionlannaí, ar an 7 Bealtaine 1929 agus a fuair bás i Sotkamo ar an 4 Deireadh Fómhair 2009.

Infotaula de personaVeikko Huovinen

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith7 Bealtaine 1927
Simo, An Fhionlainn Cuir in eagar ar Wikidata
Bás4 Deireadh Fómhair 2009
82 bliana d'aois
Sotkamo, An Fhionlainn Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, drámadóir, scríbhneoir próis Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Fhionlainnis
Gradam a fuarthas

IMDB: nm0403251 Cuir in eagar ar Wikidata

Nuair a bhí sé ina leanbh leathbhliana, d'aistrigh a mhuintir go Sotkamo in Kainuu (an réigiún timpeall ar chathair Kajaani), áit ar chaith Veikko an chuid ba mhó dá shaol ina dhiaidh sin. Bhí féith na scéalaíochta ann ó laethanta a chéad óige. Go gairid roimh dheireadh an chogaidh, chuaigh sé sna fórsaí frith-aerárthaí dá dheoin féin, agus nuair a tháinig deireadh leis an gcogadh, d'fhill sé ar an scoil leis an ardteastas a bhaint amach. Bhain sé amach céim san fhoraoiseacht in Ollscoil Heilsincí sa bhliain 1952, agus ina dhiaidh sin, chuaigh sé ar ais go Sotkamo le ceird an fhoraoiseora a chleachtadh ansin. Sa bhliain 1956, d'éirigh sé as an bhforaoiseacht le dul le scríbhneoireacht go lánaimseartha.

D'fhoilsigh sé an chéad leabhar sa bhliain 1950 - Hirri. Gearrscéalta a bhí ann, agus fuair an bailiúchán moladh ó na léirmheastóirí, nó d'aithin siad go raibh Huovinen in ann cur síos úr, greannmhar a thabhairt ar shaol na gcúlriasc agus ar na carachtair neamhghnácha a raibh cónaí orthu i gcoillte an tuaiscirt. Sa bhliain 1952 tháinig an t-úrscéal Havukka-ahon ajattelija i gcló - "An Domhainsmaointeoir ó Havukka-aho" - agus ba é an leabhar seo a thabhaigh a chlú don údar.