Vicipéid na Catalóinise

Leagan as Catalóinis den chiclipéid phoiblí ilteangach Vicipéid is ea Vicipéid na Catalóinise (Catalóinis: Viquipèdia en català). Viquipèdia en valencià a thugtar uithi freisin mar aitheantas ar an leagan den teanga a labhraítear i ndeisceart na gcríoch Catalónach. Tháinig sí ar an bhfód ar 16 Márta 2001, roinnt nóiméad i ndiaidh Vicipéid na Gearmáinise. Is iad sin an chéad dá Vicipéid a cuireadh ar siúl i ndiaidh do Jimmy Wales a fhógairt go raibh cead leaganacha den Vicipéid a bhunú i dteangacha eile seachas an Béarla. Ar feadh cúpla mí, ba í Vicipéid na Catalóinise an t-aon cheann seachas Vicipéid an Bhéarla a raibh ailt le léamh ann. “Àbac” (abacas) an chéad alt i Vicipéid ar bith nach i mBéarla é. Ar an 12 Lúnasa 2020, bhí 654,229 alt ann.

WD Bosca Sonraí VicipéidVicipéid na Catalóinise
TeangaAn Chatalóinis
Dáta cruthaithe16 Márta 2001
CeadúnasCreative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 Unported (en) Aistrigh agus Ceadúnas GNU do Dhoiciméadú Saor
Cainéal IRCirc://irc.freenode.net/#wikipedia-ca
Aibítiraibítir Laidineach
Staitisticí
Ailt746,430
Úsáideoirí cláraithe477,679
Riarthóirí28
Leathanaigh iomlána1,867,576
Comhaid áitiúla11,511
Vicipéid na Catalóinise
Baill de Amical Wikimedia i mí Meithimh, 2014 agus iad ag glacadh an Ghradam Náisiúnta Cultúir arna bhronnadh go bliantúil ag rialtas réigiúnda na Catalóine[1]

Tá eagraíocht neamhspleách darb ainm Amical Wikimedia curtha ar bun a thugann tacaíocht do Vicipéid na Catalóinise.

Tagairtí cuir in eagar