I 1976 is 1977 a seoladh an dá spásárthach Viking 1 is Viking 2 chun géariniúchadh a dhéanamh ar Mhars, an scéim spáis ab uaillmhianaí go dtí sin. Bhí sé i gceist go rachadh cuid den dá cheann i dtír ar Mhars chun a dhromchla a thástáil go díreach, agus go leanfadh an chuid eile i bhfithis thart ar an bpláinéad, ag glacadh grianghraf de an t-am ar fad. D'éirigh leo dromchla uile Marsa, beagnach, a íomháú, agus thángadar den chéad uair ar bholcáin ollmhóra, cráitéir ollmhóra, dumhcha de shaghas nach bhfacthas roimhe, agus fothair amháin, na mílte ciliméadar ar fhad. Nuair a rinne na hárthaigh seo tástáil ar ithir Marsa, ní bhfuarthas aon rian de rud beo ann.[1]

WD Bosca Sonraí Taisteal SpáisViking

Cineál miseanclár NASA

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Viking". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 698.