Vilnias

príomhchathair na Liotuáine

Is í Vilnias (Vilnius as Liotuáinis, Wilno as Polainnis) príomhchathair na Liotuáine, agus an chathair is mó sa tír le daonra de 553,904 duine (Nollaig 2005). Tá Vilnias suite in oirdheisceart na Liotuáine ag cumar aibhneacha Vilnia agus Neris. Nuair a bhí an Liotuáin níos mó ba í seo lár tíreolaíoch na tíre.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilVilnias
Vilnius (lt)
Вїлнѧ (mis) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«Unitas, Iustitia, Spes» Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósAbhainn Vilnia Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 54°41′14″N 25°16′48″E / 54.6872°N 25.28°E / 54.6872; 25.28
Stát ceannasachan Liotuáin
City municipality of Lithuania (en) AistrighVilnius City Municipality (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán581,475 (2023) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús1,450.06 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla401 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceNeris agus Abhainn Vilnia Cuir in eagar ar Wikidata
Airde112 m-98 m Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú13 haois
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist01001 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód5 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinvilnius.lt Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: vilnius.lt Instagram: i_am_vilnius LinkedIn: vilnius-city-municipality Youtube: UCRiA1g5YC2GK5ex3VFRx7nQ Cuir in eagar ar Wikidata

Stair cuir in eagar

Ní fios go díreach cathain ar bunaíodh í ach déantar tagairt di i litreacha an Ard-Diúca Gediminas sa bhliain 1323. Bhain Vilnias buaic a cumhachta amach le linn do Sigismund August a bheith i réim nuair a bhog sé a chúirt ann sa bhliain 1544. Bhí na Rúisigh i gceannas ar feadh i bhfad agus ba bheag Liotuánach a chónaigh sa chathair go dtí an 20ú haois.

Ghabh an Pholainn seilbh ar Vilnias tar éis an Chéad Chogadh Domhanda go dtí gur ghlac an Aontacht Shóivéadach seilbh uirthi arís i 1939. Rinne an Ghearmáin ionradh ar an Liotuáin i mí Mheithimh 1941 agus cuireadh dhá ghetto ar bun chun na Giúdaigh a dhíothú. Trí bliana ina dhiaidh sin ghabh an Arm Dearg an chathair arís agus bhí an Liotuáin i seilbh na Rúise go dtí gur fhógair Ard-Chomhairle Phoblacht Shóisialach na Liotuáine a neamhspleáchas ar an 11 Márta 1990.

Rinne na Sóivéadaigh iarracht an éirí amach a chur faoi chois ach ghéill siad aitheantas don Liotuáin faoi dheireadh i mí Lúnasa na bliana 1991. Tá an-fhorbairt déanta ar Vilnias ó shin agus is cathair nua-aimseartha Eorpach anois í agus athnuachan déanta ar a lár stairiúil.

Sport cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar