Ionstraim chun an difríocht poitéinsil nó an fórsa leictreaghluaisneach idir dhá phointe i gciorcad a thomhas. De ghnáth is aimpmhéadar é i sraithcheangal le friotaíocht ard is a scála grádaithe ina voltaí. Bíonn an sruth a ritheann díreach i gcomhréir leis an difríocht poitéinsil, bíodh is go laghdaíonn friotaíocht an mhéadair féin an difríocht poitéinsil, ag tabhairt earráide isteach sa tomhas. Déantar friotaíocht an mhéadair chomh beag agus is féidir i gcomparáid leis an bhfriotaíocht sheachtrach i sraithcheangal chun an earráid seo a laghdú.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Voltmhéadar". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 700.