Is stát de chuid na hOstaire é Vorarlberg atá suite in iarthar na tíre. Tugtar air an 'Ländle' ('Stáitín'), mar gheall ar a mhéid bheag, agus é ar an dara stát is lú de réir achair san Ostair, i ndiaidh Víne. Is í Bregenz a phríomhchathair, cé nach ach an tríú cathair is mó sa tír í í, le daonra de 29,500 duine; tá Dornbirn (48,000) agus Feldkirch (33,000) araon níos mó.
Is é Vorarlberg an stát is iartharaí sa tír freisin; ní chríochnaíonn sé ach amháin le haon stát Ostarach eile amháin (Tyrol), fad is go gcríochníonn sé leis an Eilvéis, leis an nGearmáin agus le Líchtinstéin ar a thaobhanna eile.
Is é Vorarlberg an t-aon stát amháin san Ostair nach bhfuil a chanúint ina cuid den Ostair-Bhaváiris; seachas sin, canúint de chuid na hAlamainise atá inti. Mar sin, tá sé páirteach i réigiún cultúrtha le hEilvéis na Gearmáinise, leis an tSváib agus leis an Alsáis, réigiúin eile ina labhraítear na canúintí seo go stairiúil.
Is síol faoi thíreolaíocht na hOstaire é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.