Baile beag in oirdheisceart stát Washington is ea Walla Walla. Is é príomhbhaile oifigiúil Chontae Walla Walla é agus an baile is mó sa chontae chomh maith. Tá Walla Walla ainmnithe as treibh dhúchasach sa cheantar. Bhí 31,731 duine ina chónaí sa bhaile féin sa bhliain 2010, timpeall is 45,000 má chuirtear College Place agus Walla Walla Thoir san áireamh. Tá cáil ar an gceantar as na hoinniún mhilse a fhásann na feirimeoirí ann. Tá isteach is amach le 100 fíonghort sa cheantar freisin. Sa bhliain 1993 bhaist an nuachtán Meiriceánach náisiúnta USA Today "an baile beag is cairdiúla sna Stáit Aontaithe" ar Walla Walla. Is sa bhaile seo a rugadh Adam West, aisteoir a d'éirigh cáiliúil mar gheall ar a ról mar Batman sna 1960idí.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilWalla Walla, Washington

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 46°03′54″N 118°19′49″W / 46.065°N 118.3303°W / 46.065; -118.3303
Stát ceannasachStáit Aontaithe Mheiriceá
Stát sna Stáit AontaitheWashington
County of Washington (en) AistrighContae Walla Walla Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán34,060 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús1,024.19 hab./km²
Líon na dteaghlach12,414 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Located in statistical territorial entity (en) AistrighWalla Walla metropolitan area (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla33.255568 km² Cuir in eagar ar Wikidata
• Uisce0.2545 % Cuir in eagar ar Wikidata
Airde287 m-942 ft Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú1856
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist99362 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód509 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinwallawalla.org Cuir in eagar ar Wikidata