Ba innealtóir Gearmánach é Walther Bauersfeld (23 Eanáir 1879 - 28 Deireadh Fómhair 1959).

Infotaula de personaWalther Bauersfeld

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1879
Beirlín, An Ghearmáin Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1959
79/80 bliana d'aois
Heidenheim an der Brenz, An Ghearmáin Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfisiceoir, innealtóir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Ghearmáinis
Gradam a fuarthas

Saol cuir in eagar

Bhí sé fostaithe ag an Carl Zeiss Jena, a thosaigh, ar mholadh ón réalteolaí Gearmánach Max Wolf, ag obair ar an gcéad phláinéadlann teilgin sa bhliain 1912. Chuir riachtanais mhíleata stop leis an obair seo le linn an Chéad Chogadh Domhanda, ach thosaigh sí arís tar éis an chogaidh. Chríochnaigh Bauersfeld an chéad phláinéadlann, ar a dtugtar Múnla Zeiss I sa bhliain 1923, agus cuireadh ar dtús é ar dhíon foirgnimh Zeiss i mbaile ceanncheathrú corparáideach Jena .Theilg an Múnla seo 4,900 réaltaí, agus bhí sé teoranta don spéir amháin ó domhanleithead Jena. Ina dhiaidh sin, d'fhorbair Bauersfeld an Múnla 2 le 8,956 réaltaí, agus cumas iomlán domhanleithead. Suiteáladh níos mó ná dosaen sular chuir an Dara Cogadh Domhanda obair na pláinéadlainne ar fionraí. Tógadh na pláinéadlanna idirchogadh seo i mBeirlín agus Düsseldorf sa Ghearmáin, chomh maith leis an Róimh, Páras, Chicago, Los Angeles agus Nua-Eabhrac. Meastar freisin gurb í an phláinéadlann Zeiss I i Jena an chéad chruinneachán geodasach a tháinig as icisihéadrán, 26 bliain sular athchruthaigh agus a chur chun cinn arís an dearadh .

Bronnadh Bonn Elliott Cresson de chuid an Franklin Institute ar Bhauersfeld sa bhliain 1933 agus an Fáinne Werner von Siemens sa bhliain 1941.