Fiseolaí is síceolaí turgnamhach, a rugadh i Neckarau in aice le Mannheim na Gearmáine, ab ea Wilhelm Maximilian Wundt (1832-1920). Rinne sé staidéar ar an leigheas ag Ollscoil Tübingen, Ollscoil Heidelberg, agus Ollscoil Bheirlín. Sa bhliain 1857, ceapadh é ina 'dozent' ag Ollscoil Heidelberg, áit ina raibh sé ina léachtóir sa bhfiseolaíocht. Ó 1858-1864 rinne sé staidéar ar spreagadh néareolaíoch agus ceimiceacha na matán. Sa bhliain 1864, ceapadh é ina ollamh cúnta ag Heidelberg. Trí bliana ina dhiaidh sin, thosaigh sé cúrsa ar a bhronn sé an t-ainm 'síceolaíocht fhiseolaíoch'. Foilsíodh a magnum opus "Grundzüge physiologischen der Psychologie" (Prionsabail na Síceolaíochta Fiseolaíche) sa bhliain 1873. Go bunúsach thug a chuid fealsúnachta le fios go bhfuil mhacasamhail meabhrach ag gach ócáid ​​fhisiceach, agus tá chomhpháirtí fisiciúla ag gach ócáid ​​mheabhrach. D'oibrigh Wunt ina shaotharlann cháiliúla in Ollscoil Leipzig ón bhliain 1875, agus bhí sé ag obair ann sna 45 bliana ina dhiaidh sin. Foilsíodh an taighde in "Philosophische Studien" (Staidéar fealsúnachta), tréimhseachán a bhunaigh sé féin sa bhliain 1981. Is iontach an méid a d'fhoilsigh Wunt, idir leabhair, aistí agus eile. Sa bhliain 1883, thosaigh sé ar an chéad chúrsa dar teideal síceolaíocht turgnamhach'. Toghadh Wunt ina reachtaire ar Ollscoil Leipzig sa bhliain 1889. Níos déanaí chuir sé suim sa síceolaíocht shóisialta nó chultúrtha. Scríobh sé "Volkerpsychologie", a foilsíodh idir 1900 agus 1920, lena n-áirítear an smaoineamh go raibh céimeanna forbartha cultúrtha ann. Sa bhliain 1920, scríobh sé "Erlebtes und Erkanntes", a dhírbheathaisnéis. Fuair ​​sé bás sa bhliain 1920.

Infotaula de personaWilhelm Max Wundt

(1902) Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(de) Wilhelm Wundt
Beathaisnéis
Breith(de) Wilhelm Maximilian Wundt
16 Lúnasa 1832
Neckarau Cuir in eagar ar Wikidata
Bás31 Lúnasa 1920
88 bliana d'aois
Leipzig Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaSüdfriedhof Leipzig (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Tübingen
Ollscoil Heidelberg
Ollscoil Humboldt Bheirlín Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúildochtúireacht
Comhairleoir dochtúireachtaKarl Ewald Hasse agus Hermann Ludwig Ferdinand von Helmholtz
Gníomhaíocht
Réimse oibreFiseolaíocht, volkerpsychologie agus Síceolaíocht thurgnamhach
Gairmfealsamh, fiseolaí, síceolaí, múinteoir ollscoile, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Heidelberg (1864–)
Ollscoil Leipzig (1858–)
Ollscoil Zürich (1857–) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Mac/iníon léinn de chuidJohannes Peter Müller agus Karl Ewald Hasse
Mac/iníon léinnVitaly Serebrenikov, Ferdinand Tönnies, Vladimir Bekhterev, Franz Boas, Émile Durkheim, Edmund Husserl, Ludwig Lange, Karl Julius Lohnert, Bronisław Malinowski, George Herbert Mead, Constantin Rădulescu-Motru, Edward Sapir, William Isaac Thomas, Ernst Meumann, Władysław Witwicki agus Richard Arwed Pfeifer
Faoi thionchar
TeangachaAn Ghearmáinis
Saothar
Mac léinn dochtúireachtaHugo Münsterberg, Oswald Külpe, Emil Kraepelin, Vladimir Bekhterev, Edward B. Titchener, James McKeen Cattell, Georgi Iwanowitsch Tschelpanow, Siegfried Askinasy, Edward W. Scripture, Ernst Fiedler, Ludwig Lange, Gottlob Friedrich Lipps, Waldemar Olshausen, Johannes Pitschel, Walter Brix, Paul Haller, Wilhelm Paul Schumann, Friedrich Sander, Reinhold Schultz, Albrecht Steglich, Rudolf Schumann, Kuno Mittenzwey, Swetomir Ristic, Woldemar Voigt, Karl Julius Lohnert, Otto Klemm, Fritz Giese, Paul Roth, Karl August Fürchtegott Knabe, Hermann Damm, Joseph Epstein, Hans Keller, Tsvetan Radoslavov, Erich Mosch, Friedrich Bruno Kämpfe, Hermann Richard Zeitschel, Rudolf Franz Pfaff, Gustav Berger, Robert Bergemann, Bernhard Frenzel, Florian Ștefănescu-Goangă, Constantin Dimitrescu-Iași, Dimitrie Gusti, Armand Thiéry, Charles Hubbard Judd, Charles Edward Spearman agus Gustav Kafka
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéileSophie Wundt Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteMax Wundt, Eleonore Wundt Cuir in eagar ar Wikidata
Duine muintearthaFriedrich Peter Wundt (seanathair) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Find a Grave: 10126795 Cuir in eagar ar Wikidata

Tagairtí cuir in eagar