Dlíodóir, scoláire agus breitheamh Sasanach An Ridire William Blackstone. (10 Iúil 172314 Feabhra 1780). Tháinig a mhórshaothar "Commentaries on the Laws of England"[1] amach sna blianta 1765–1770, agus an oidhreacht ba mhó a d'fhág sí againn. Sa leabhar seo, leag sé an bhunchloch don dlí coiteann, an córas dlí a chuireann an bhéim is mó ar chleachtas na gcúirteanna.

Infotaula de personaWilliam Blackstone

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith10 Iúil 1723
Cheapside, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás14 Feabhra 1780
56 bliana d'aois
Wallingford, England Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaSt Peter's Church, Wallingford (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Justice of the Common Pleas (en) Aistrigh
25 Meitheamh 1770 – 14 Feabhra 1780
← Edward CliveJohn Heath →
Ball de 13ú Parlaimint na Breataine Móire
1768 – 1770
← Chauncy TownsendCharles Dillon, 12th Viscount Dillon (en) Aistrigh →
Ball de 12ú Parlaimint na Breataine Móire
30 Márta 1761 – 11 Márta 1768
← James Calthorpe (en) AistrighJohn St Leger Douglas (en) Aistrigh →
Serjeant-at-law (en) Aistrigh
Justice of the King's Bench (en) Aistrigh
Abhcóide na Banríona
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Pembroke
Scoil Charterhouse Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilLegum Doctor
Áit chónaitheLincoln's Inn Fields (en) Aistrigh
Gníomhaíocht
Gairmbreitheamh, polaiteoir, múinteoir ollscoile, abhcóide, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Oxford Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí na dTóraithe Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Saothar
Saothar suntasach
Croineolaíocht
30 Samhain 1738call to the bar (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

Find a Grave: 44727290 Cuir in eagar ar Wikidata
Commentaries on the Laws of England. (1766)

Saol cuir in eagar

 
The Great Charter agus Charter of the Forest (1759)

Céimí de chuid Ollscoil Átha na nDamh ab ea Blackstone, áit a raibh sé ina mhic léinn i gColáiste Pembroke agus ina chomhalta de chuid Choláiste na nAnamacha Uile.[2]

Glaodh chun an Bharra air i gCumann Onórach an Teampaill an Láir sa bhliain 1746. Ag tús a shaoil oibre, dhíríodh sé ní ba mhó ar riaradh na hOllscoile ná ar a chleachtadh ag an mBarra (d'fhág sé an Barra ina dhiaidh ar feadh roinnt blianta ó 1753 ar aghaidh.)

Thosaigh Blackstone sraith léachtaí rathúil ar dhlí Shasana in Áth na nDamh ba chúis lena cheapadh in Ollúnacht Vinerian Dlí Shasana, a bhí nuachruthaithe ag an am agus a bhí aige ó 1758-66.

 
Constitution Ave & 3rd St. NW, Washington, DC

Chuaigh Blackstone leis an mBarra arís le rath mór agus agus bhí sé ina Fheisire Parlaiminte de chuid na Tóraithe ó 1761 go 1770. Ceapadh ina bhreitheamh de chuid Bhinse an Rí é i mí Feabhra 1770 agus ina bhreitheamh ina de chuid na bPléadálacha Coiteanna ceithre mhí ina dhiaidh sin, post a bhí aige go dtí gur éag sé nuair a bhí sé sé bliana is caoga d'aois.

Tionchar cuir in eagar

Tar éis dó dhá thráchtas eile ar dhlí Shasana a fhoilsiú cheana féin, chuir Blackstone a shaothar is tábhachtaí, Commentaries on the Laws of England (4 imleabhar) amach idir 1765 agus 1769.

Ba é an chéad léargas córasach ar an dlí coiteann a foilsíodh ón Meánaois i leith.

Bhí tionchar ollmhór ag Blackstone ar dhearcadh daoine ar an dlí coiteann agus ar fhorbairt an dlí féin, go mór mór sna Coilíneachtaí Meiriceánacha agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Commentaries on the Laws of England" (as en) (2021-01-31). Wikipedia. 
  2. Scoil Dlí, COBÁC. "William Blackstone" (ga). Facebook. Dáta rochtana: 2021-02-14.