Luibheolaí agus rangaitheoir agus maisitheoir plandaí Sasanach ab ea Sir William Jackson Hooker (6 Iúil 178512 Lúnasa 1865). Ollamh Regius le Luibheolaíocht ab ea é in Ollscoil Ghlaschú, agus bhí sé ina stiúrthóir ar an Luibhghairdín Ríoga in Kew. Bhí sé mór le Sir Joseph Banks a chuidigh le Hooker lena chuid oibre mar thaiscéalaí agus mar chruinnitheoir agus rangaitheoir plandaí. Tháinig a mhac, Joseph Dalton Hooker, i gcomharbacht air mar stiúrthóir ar Luibhghairdín Kew. [1]

Infotaula de personaWilliam Jackson Hooker

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith6 Iúil 1785
Norwich, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás12 Lúnasa 1865
80 bliana d'aois
Kew, England Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaSt Anne's Church, Kew (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
2 Regius Professor of Botany (en) Aistrigh
1820 – 1841
← Robert GrahamJohn Hutton Balfour (en) Aistrigh → Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síScoil Norwich Cuir in eagar ar Wikidata
Comhairleoir dochtúireachtaJames Edward Smith
Gníomhaíocht
Réimse oibreLuibheolaíocht agus plant taxonomy (en) Aistrigh
Gairmluibheolaí, teirideolaí, maisitheoir luibheolaíochta, maisitheoir, múinteoir ollscoile, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Ghlaschú
Royal Botanic Gardens, Kew (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Mac/iníon léinnJoseph Dalton Hooker
TeangachaBéarla
Saothar
Giorrúchán luibheolaíochtaHook.
Teaghlach
CéileMaria Turner Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteJoseph Dalton Hooker, Elizabeth Hooker, William Dawson Hooker, Elisabeth Hooker Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJoseph Hooker  agus Lydia Vincent
Gradam a fuarthas

Find a Grave: 5912463 Cuir in eagar ar Wikidata

Beathaisnéis cuir in eagar

Rugadh Hooker in Norwich. Rinne sé staidéar ar an stair aiceanta go neamhfhoirmeálta, éaneolaíocht agus feithideolaíocht go háirithe.[2] Chuir sé spéis sa luibheolaíocht ar moladh Sir James Edward Smith, é sin i ndiaidh comhairle Smith a lorg faoi chaonach neamhchoitianta áirithe.

Rinne Hooker a chéad turas go dtí an Íoslainn sa bhliain 1809[3]. Scríobh sé Tour in Iceland (1809, athchló 1813) faoin turas sin.

Bhí sé ceaptha ag Hooker dul in éineacht le Sir Robert Brownrigg go dtí an Siolón sna blianta 1810–1811, ach cuireadh an turas ar ceal mar gheall ar chúinsí polaitiúla corracha na mblianta úd. Sa bhliain 1814 chaith sé 9 mí ar lorg plandaí sa Fhrainc, san Eilvéis agus i dtuaisceart na hIodáile. An bhliain ina dhiaidh sin phós sé Maria Dawson Turner, iníon Dawson Turner, baincéir, agus deirfiúr chéile Francis Palgrave.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Allen, Mea 1967. The Hookers of Kew 1785–1911. Joseph, Londain.
  2. Stearn, William T. (December 1965). "The Self-Taught Botanists Who Saved the Kew Botanic Garden". Taxon 14 (9). International Association for Plant Taxonomy (IAPT). doi:10.2307/1216740. JSTOR 1216740. 
  3. "Review of Travels in the Island of Iceland, during the summer of the Year 1810 by Sir George Steuart Mackenzie and Journal of a Tour in Iceland, in the Summer of 1809 by William Jackson Hooker" (March 1812). The Quarterly Review 7: 48–92.