William Matthew Flinders Petrie

Éigipteolaí Sasanach agus Ollamh le hÉigipteolaíocht i gColáiste na hOllscoile, Londain ab ea William Matthew Flinders Petrie (3 Meitheamh 1853 - 28 Iúil 1942).

Infotaula de personaWilliam Matthew Flinders Petrie

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith3 Meitheamh 1853
Charlton, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás28 Iúil 1942
89 bliana d'aois
Iarúsailéim Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisMaláire
Áit adhlacthaMount Zion Cemetery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ollamh
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAnglacánachas
Gníomhaíocht
Réimse oibreSeandálaíocht agus Éigipteolaíocht
Gairméigipteolaí, scríbhneoir, seandálaí, aistritheoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirUniversity College London Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Mac/iníon léinnMargaret Murray, James Quibell agus Ione Gedye
TeangachaBéarla
Saothar
Saothar suntasach
Mac léinn dochtúireachtaEdward R. Ayrton
Teaghlach
CéileHilda Petrie Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteJohn Flinders Petrie, Ann Flinders Petrie Cuir in eagar ar Wikidata
AthairWilliam Petrie  agus Anne Flinders
Gradam a fuarthas

Find a Grave: 11634248 Cuir in eagar ar Wikidata

Baisteadh é as a sheanathair, an Captaen Matthew Flinders, taiscéalaí a rinne an chéad léarscáil iomlán de chósta na hAstráile.

Sa bhliain 1883 d'iarr Amelia Edwards air turas a dhéanamh ar son Chiste Taiscéalaíochta na hÉgipte (Egypt Exploration Fund), ciste a bhí sí tar éis a chur ar bun. Faoin mbliain 1884 bhí sé i mbun oibre. Ní raibh sé ar aon intinn le coiste an Chiste, dream a raibh drochmheas aige orthu mar mhaorlathaigh neamhinniúla. D'éirigh sé as a phost sa bhliain 1886 agus d'oibrigh ina aonar ar feadh seacht mbliana fichead sna háiteanna ba thábhachtaí sa tír.

Meastar gurbh eisean a bhunaigh Éigipteolaíocht an lae inniu, ós eisean ba thúisce a bhain feidhm as modhanna eolaíocha san Éigipt, leithéid na strataimeolaíochta: baintear rudaí amach dá réir ó shraith i ndiaidh sraithe (seift a ligeann duit iad a dhátú níos cruinne). Sin mar a dhéantar fós é.

Rinne Petrie tochailt in dhá cheann déag de na láithreáin Éigipteacha ba mhó. Orthu sin bhí reilig Hauwarâ el-Maqta sa Fayoum, áit ar fhág sárphortráidí na marbh clú uirthi, Tell al-Amarna, príomhchathair Aichéanatan, agus pirimid Meïdoum. Rinne sé tochailt an-chúramach i bpirimid mhór Giza ó 1880 go 1883, agus eisean a tháinig ar na blúirí de dhealbh ollmhór de Raimséas sa bhliain 1884. Rinneadh ball den Chumann Ríoga de sa bhliain 1902. Cailleadh in Iarúsailéim é, áit a raibh sé i mbun tochailte ón mbliain 1927 amach. Bhí os cionn dhá scór imleabhar de thuairiscí scríofa aige agus beagnach naoi gcéad alt agus léirmheas.