Willie Clancy

ceoltóir Éireannach

Siúinéireacht an cheird a bhí ag Willie Clancy (24 Nollaig 1918 - 24 Eanáir 1973) as Contae an Chláir. Máistir ar an bpíb uilleann a bhí ann agus is mór an tionchar a bhí ag Willie Clancy ar an bpíobaireacht. Sheinn sé an fheadóg mhór agus an fheadóg stáin freisin. Chasadh sé corramhrán agus ba chomhluadar maith i seisiún é lena chuid scéalta agus lena ghreann.[1]

Infotaula de personaWillie Clancy

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith24 Nollaig 1918
Sráid na Cathrach, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás24 Eanáir 1973
54 bliana d'aois
Gaillimh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmceoltóir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1938 –
SeánraCeol traidisiúnta na hÉireann
UirlisPíb mhála agus píoba uilleann

Musicbrainz: 6e3c4fc5-e359-4adc-b035-063811cfe786 Discogs: 1612197 Cuir in eagar ar Wikidata

Saol cuir in eagar

 

Bhí tionchar mór ag a athair Gilbert ar Willie, le ceol a tháinig anuas ón bpíobaire dall as Eidhneach, Garret Barry. Ach ba é Johnnie Doran, píobaire den lucht siúil, an tionchar ba mhó a bhí ar a chuid ceoil. Nuair a chuala sé Doran den chéad uair, thit sé go hiomlán faoi dhraíocht na píbe. D’fhás cairdeas idir Doran agus an fear óg go luath ina dhiaidh sin agus níorbh fhada go raibh Willie ag fáil ceachtanna píobaireachta óna laoch.

De réir na dtuairisicí ar fad faoi Willie Clancy, ba dhuine cúthail, séimh, umhal é. Níor dhuine é a bheadh ag tarraingt airde air féin.[1]

Bás agus oidhreacht cuir in eagar

Bhí Clancyag éileamh lena chroí agus fuair sé anbhás (in aois 54 dó) ar 24 Eanáir 1973.

Gaeilge cuir in eagar

Níor labhair Clancy an Ghaeilge, ach bhí ardmheas aige ar an teanga. Dúirt sé "The Irish language is the greatest music of all" nó "Is í an Ghaeilge an ceol is ansa liom" .[2]

Bhí an-dúil ar fad aige sna hamhráin i nGaeilge. Ar 16 Feabhra 1973, ag an gcéad chruinniú a bhí ann chun tionscadal éigin a bhunú a dhéanfadh comóradh ar shaol Willie Clancy dúradh: “Pé rud a déanfar beidh sé bunaithe ar an traidisiún Gaelach go raibh grá chomh mór sin ag Willie dó. Leanfar ar aghaidh le meon Willie an teanga agus an ceol Gaelach a leathnú agus a fhorbairt.”[1]

 

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 Antaine Ó Faracháin (Iúil 2002). "Ceiliúradh cuí ar shaol laoich de chuid an cheoil" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2023-01-24.
  2. "'The Irish language is the greatest music of all"" (en). Reading the Signs. Dáta rochtana: 2023-01-22.