Witold Gombrowicz

scríbhneoir Polannach

Scríbhneoir nua-aimseartha ón bPolainn ab ea Witold Marian Gombrowicz. Rugadh i Małoszyce in aice le hOpatów é ar an 4 Lúnasa 1904, agus shíothlaigh sé i Vence san Fhrainc ar an 24 Iúil 1969, sa teach céanna, Villa Robemond inar cailleadh an scríbhneoir Sasanach D.H. Lawrence naoi mbliana déag is fiche roimhe sin.[1] Chuir údarás na Polainne cosc iomlán ar a shaothar litríochta.

Infotaula de personaWitold Gombrowicz

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith4 Lúnasa 1904
Małoszyce, An Pholainn Cuir in eagar ar Wikidata
Bás24 Iúil 1969
64 bliana d'aois
Vence, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ionfharchtadh miócairdiach)
Áit adhlacthaAlpes-Maritimes Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síFaculty of Law and Administration, University of Warsaw (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreFicsean
Gairmscríbhneoir, file dlíodóra, scríbhneoir aistí, dialannaí, drámadóir, úrscéalaí, saineolaí dlí Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraGearrscéal, úrscéal gairid agus úrscéal
GluaiseachtEiseachas
TeangachaAn Pholainnis
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéileRita Gombrowicz (1968–1969) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

Suíomh gréasáingombrowicz.net Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0326822 Allocine: 93529 Allmovie: p380863
Musicbrainz: bdbc0a66-76af-4085-80c6-c3c183db0ba5 Discogs: 4888421 Find a Grave: 11057932 Cuir in eagar ar Wikidata

Saol cuir in eagar

Rinne Gombrowicz staidéar ar an dlí i Vársá.

Chuaigh sé i mbun pinn, agus d'fhoilsigh sé an chéad bhailiúchán gearrscéalta sa bhliain 1933. Cúig bliana ina dhiaidh sin, tháinig an chéad úrscéal i gcló - Ferdydurke. Scéal meafarach a bhí ann, agus Gombrowicz ag tabhairt leideanna áirithe faoi homaighnéasacht an scríbhneora - i dtús an úrscéil, caithfidh laoch an úrscéil, Józio, filleadh ar an meánscoil, toisc nach bhfuil sé pósta go fóill, cé gur shlánaigh sé tríocha bliain d'aois cheana féin.

Go gairid roimh ionsaí na dtrúpaí Gearmánacha ar an bPolainn sa bhliain 1939, chuaigh Gombrowicz ar bhord loinge a thug go dtí an Airgintín é. B'éigean dó fanacht thall ansin, agus ba mhinic a bhí sé ar an mblár fholamh i rith bhlianta an chogaidh. D'fhoghlaim sé Spáinnis agus d'fhoilsigh sé leagan Spáinnise den úrscéal úd Ferdydurke, a d'aistrigh sé féin le cuidiú ó chairde áitiúla.

 
1939

Chaith Gombrowicz tréimhsí fada i bPáras. Sa bhliain 1950, d'éirigh leis teacht i dteagmháil le Kultura, iris na bPolannach i bPáras, agus bhí Jerzy Giedroyc, eagarthóir Kultura, sásta saothair le Gombrowicz a chur i gcló. Sa bhliain 1953, d'fhoilsigh Giedroyc úrscéal nua le Gombrowicz, Trans-Atlantyk, a thug cur síos fantaisíochta ar thuras an scríbhneora go dtí an Airgintín sa bhliain 1939.

 
35 sráid Chocimska, Warsaw

Sna seascaidí, d'fhoilsigh Gombrowicz cúpla úrscéal eile, go háirithe Pornografia ("Pornagrafaíocht"). Níl pornagrafaíocht ar bith i gceist leis an gceann seo - níl ann go bunúsach ach cineál scéinséir a bhfuil a imeachtaí ag titim amach sa Pholainn le linn an Dara Cogadh Domhanda - cé nach raibh cur amach ar bith ag Gombrowicz ar an saol a bhí ag na Polannaigh sa tír san am sin.

Déghnéasach ba ea Gombrowicz b'fhéidir.[2] Bhuail sé le Rita Labrosse sa bhliain 1963 agus pósadh iad ar 21 Nollaig 1968.

 
roimh 1970

Sna blianta 1953-1969, scríobh Gombrowicz dialann i stíl liteartha, agus foilsíodh an dialann (nó Dziennik) seo faoi chlúdach leabhair i ndiaidh a bháis.

Bhí asma agus so-ghabháltacht i leith galair riospráide ag cur as dó agus d''éag sé ar 24 Iúil 1969, in aois 64 dó.

Leabhair cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Gombrowicz, Witold | Encyclopedia.com". www.encyclopedia.com. Dáta rochtana: 2019-07-24.
  2. "What You Didn't Know About Gombrowicz…" (en). Culture.pl. Dáta rochtana: 2019-07-24.