Seasann na litreacha YYA do na focail Fhionlainnise ystävyys, yhteistyö, avunanto, nó cairdiúlacht, comhoibriú agus cuidiú. Tagraíonn siad don Chonradh um Chaidreamh Cairdiúil, Chomhoibriú, agus Chuidiú, a shínigh Vyacheslav Molotov, aire gnóthaí eachtracha an Aontais Shóivéadaigh, agus Mauno Pekkala, Príomh-Aire na Fionlainne, ar an séú lá de Mhí Aibreáin sa bhliain 1948.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtYYA
Cineálconradh Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Sínitheoir
Teanga an tsaothair nó an ainman Rúisis, an Fhionlainnis agus an tSualainnis Cuir in eagar ar Wikidata

Ar dtús, mhol an tAontas Sóivéadach don Fhionlainn conradh um chomhoibriú míleata a shíniú, cosúil leis na conarthaí a bhí ag na Sóivéadaigh leis na stáit shatailíteacha in Oirthear na hEorpa. Ní raibh na Fionlannaigh sásta leis an moladh seo, agus bhí eagla ar chuid mhór acu gurbh ionann a leithéid de chonradh a shíniú agus neamhspleáchas na tíre a thabhairt suas ar fad. Bhí na Sóivéadaigh sásta, áfach, dul i gcomhchainteanna leis na Fionlannaigh faoi ábhar an chonartha, agus sa deireadh thiar thall, bhí an conradh sách difriúil leis na conarthaí a bhí ag an Aontas Sóivéadach le tíortha Oirthear na hEorpa.

Téacs an Chonartha cuir in eagar

An Conradh um Chaidreamh Cairdiúil, Chomhoibriú, agus Chomhchuidiú idir Poblacht na Fionlainne agus Aontas na bPoblachtaí Sóisialacha Sóivéadacha

I bhfianaise a gcuid iarrachtaí le caidreamh cairdiúil a fhorbairt idir an Fhionlainn agus an tAontas Sóivéadach, de thoradh na diantuairime go bhfuil sé ag dul chun leasa don dá thír treisiú le dea-chomharsanacht agus comhoibriú idir an dá thír, le taobhshúil ar iarrachtaí na Fionlainne fanacht amach ó na coimhlintí idir na mórchumhachtaí, agus leis an gcomhiarracht chun síocháin agus slándáil idirnáisiúnta a choimeád de réir chuspóirí agus phrionsabail na Náisiún Aontaithe,

chinn Uachtarán Phoblacht na Fionlainne agus Coiste Cathaoirleachta Ard-Shóivéid an Aontais Shóivéadaigh ar an gconradh seo a dhéanamh le chéile, agus cumhachtaí a sínithe a bhronnadh ar na daoine seo leanas:

ó thaobh Uachtarán Phoblacht na Fionlainne, an Príomh-Aire Mauno Pekkala;

ó thaobh Choiste Cathaoirleachta Ard-Shóivéid Aontas na bPoblachtaí Sóisialacha Sóivéadacha, Fear Ionaid Chathaoirleach Shóivéid na nAirí Rialtais agus an tAire Gnóthaí Eachtracha, Vyacheslav Molotov;

agus iad, i ndiaidh dóibh cumhachtaí a chéile a dhearbhú, tar éis an conradh seo leanas a dhéanamh:

Alt a hAon: Má fhaigheann an Fhionlainn í féin faoi ionsaí armtha ag an nGearmáin nó ag tír atá i gcomhghuailleacht leis an nGearmáin, nó má dhéanann an Ghearmáin nó tír atá i gcomhghuailleacht leis an nGearmáin iarracht leas a bhaint as limistéar na Fionlainne le hionsaí armtha a thabhairt faoin Aontas Sóivéadach, déanfaidh an Fhionlainn a dícheall, mar is dual do thír neamhspleách, leis an ionsaí a chosc. I gcás den chineál seo, beidh an Fhionlainn ag díriú na n-acmhainní go léir atá aici ar a cosaint féin ar an talamh, amuigh ar an bhfarraige agus thuas san aer, agus í á déanamh taobh istigh dá críocha féin, de réir a dualgaisí a leagtar amach sa chonradh seo, agus, má tá an riachtanas ann, le cuidiú an Aontais Shóivéadaigh nó i gcomhoibriú leis.

I gcásanna a luadh thuas, tabharfaidh an tAontas Sóivéadach cabhair den chineál is fearr a fhreastlóidh ar an ócáid, de réir mar a shocróidh dhá pháirtí an chonartha le chéile.

Alt a Dó: Má chuirtear sonrú i mbagairt an chineál ionsaí a luaitear in Alt a hAon, rachaidh dhá pháirtí an chonartha i ndáil chomhairle le chéile.

Alt a Trí: Dearbhaíonn dhá pháirtí an chonartha go bhfuil siad araon sásta páirt a ghlacadh i ngach iarracht atá dírithe ar an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta a chothú de réir chuspóirí agus phrionsabail na Náisiún Aontaithe.

Alt a Ceathair: Dearbhaíonn dhá pháirtí an chonartha an tríú halt sa chonradh síochána a síníodh ar an deichiú lá de Mhí Feabhra 1947, ina nglacann siad de cheangaltas orthu gan dul i gcomhghuaillíochtaí in aghaidh a chéile.

Alt a Cúig: Dearbhaíonn dhá pháirtí an chonartha go bhfuil siad meáite ar spiorad an chomhoibrithe agus na cairdiúlachta a chothú tríd an gcaidreamh eacnamaíoch agus cultúrtha idir an Fhionlainn agus an tAontas Sóivéadach a fhorbairt is a threisiú.

Alt a Sé: Glacann dhá pháirtí an chonartha de dhualgas orthu féin neamhspleáchas agus féinfhlaitheas a chéile a urramú agus gan ladar a chur isteach i gcúrsaí inmheánacha a chéile.

Alt a Seacht: Cuirfear an conradh seo i ngníomh de réir na bprionsabal atá leagtha amach ag na Náisiúin Aontaithe.

Alt a hOcht: Caithfear an conradh seo a dhaingniú, agus mairfidh sé i bhfeidhm go ceann deich mbliana ón chéad lá a ndeachaigh sé i bhfeidhm.Rachaidh sé i bhfeidhm nuair a bheidh cáipéisí a dhaingnithe malartaithe, rud a dhéanfar i Heilsincí chomh luath agus is féidir.

Mura gcealaí ceachtar de dhá pháirtí an chonartha é roimh dheireadh na tréimhse deich mbliana a luaitear sa chonradh, beidh an conradh i bhfeidhm de réir téarmaí cúig bliana, go dtí go bhfógróidh ceann den dá pháirtí i bhfoirm scríofa go bhfuil sé meáite ar an gconradh a chur ar ceal.

Tá an conradh seo sínithe ag toscairí an dá pháirtí, agus iad tar éis a séalaí a chur leis.

Rinneadh an Conradh seo i Moscó ar an séú lá de Mhí Aibreáin sa bhliain 1948. Rinneadh dhá chóip de, ceann as Fionlainnis agus ceann as Rúisis, agus an tábhacht chéanna le gach ceann acu.

Tagairtí cuir in eagar