Ailtire agus acadóir Éireannach is ea Yvonne Farrell a rugadh sa bhliain 1951. Chomhbhunaigh sí Grafton Architects, comhlacht ar bhronnadh an gradam World Building of the Year air sa bhliain 2008 as an bhfoirgneamh a dhear siad d'Ollscoil Bocconi in Milano na hIodáile.[1] Bhuaigh a comhlacht freisin an chéad RIBA International Prize sa bhliain 2016 as a bhfoirgneamh ar son Universidad de Ingeniería y Tecnología in Líoma, Peiriú,[2] chomh maith leis an Royal Gold Medal sa bhliain 2020.[3] Sa bhliain 2017 ceapadh ise agus Shelley McNamara ina léiritheoirí don 16ú Venice Biennale della Architectura i 2018.[4] Bronnadh an Pritzker Architecture Prize uirthise agus ar McNamara sa bhliain 2020.

Infotaula de personaYvonne Farrell

(2015) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1951
72/73 bliana d'aois
Tulach Mhór (Éire)
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmailtire, múinteoir ollscoile Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirGrafton Architects Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Saothar
Saothar suntasach
Gradam a fuarthas

A saol agus gairmré cuir in eagar

Rugadh Farrell sa bhliain 1951 ar an Tulach Mhór i gContae Uíbh Fhailí. Rinne sí staidéar sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ag baint céim amach sa bhliain 1974. Bhunaigh sí Grafton Architects i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1978 in éineacht le Shelley McNamara. Chomhbhunaigh sí Group 91, a bhí taobh thiar d'athbheochan Bharra an Teampaill i mBaile Átha Cliath sna 1990idí.

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar