Zweites Buch nó "an dara leabhar" a thugtar go coitianta ar an dara leabhar a dheachtaigh Adolf Hitler dá chuid lucht leanúna (ba é Mein Kampf an chéad cheann). Breacadh an leabhar síos timpeall na bliana 1928, nuair nach raibh an t-údar ina dheachtóir go fóill. San am sin, ní raibh mórán ráchairte ar Mein Kampf, agus chinn Hitler ar gan an leabhar nua a chur i gcló. I ndiaidh coup d'état na Naitsithe, thosaigh na daoine ag ceannach a leabhair, agus san am sin, bhí Hitler barúlach go raibh sé i ndiaidh cur síos róchruinn a thabhairt ar a chuid cuspóirí ó thaobh na ngnóthaí eachtracha de, agus gurbh fhearr an dara leabhar a choinneáil i bhfolach. Sin é an rud a rinneadh, agus ní bhfuair an saol mór amach faoin leabhar ach sa bhliain 1958. San am sin, tháinig an staraí Gerhard Weinberg ar an leabhar i measc na ndoiciméad Naitsíoch a bhí curtha i dtaisce sna Stáit Aontaithe. Ba í Institiúid na Staire Comhaimseartha i München (Institut für Zeitgeschichte) a d'fhoilsigh an leabhar sa bhunteanga sa bhliain 1961, ach níor tháinig leagan údaraithe Béarla i gcló roimh an mbliain 2002, cé go raibh aistriúcháin "phíoráidithe" ar an margadh roimhe sin féin.

WD Bosca Sonraí LeabharZweites Buch
(de) Hitlers Zweites Buch Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsaothar scríofa Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarAdolf Hitler Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Ghearmáinis Cuir in eagar ar Wikidata
Foilseachánan Ghearmáin, 1961 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Seánrafealsúnacht pholaitiúil Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid den tsraith
Adolf Hitler

Tagairtí cuir in eagar