Is éard is sruthlíne ann ná riocht sreafa, nuair nach dtarlaíonn aon suaiteacht ann. Is téarma é freisin ar dhearadh cruthanna struchtúr (mar shampla gluaisteán, aerárthach, lián, long) chun suaiteacht an aeir nó an uisce mórthimpeall orthu a laghdú oiread agus is féidir. Luaitear an téarma freisin i leith aon chruth struchtúrtha seasta a sheasann i sreabhadh an aeir nó an uisce chun an tsuaiteacht in aice leis a laghdú.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Sruthlíniú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 623.