Freddie Scappaticci

(Athsheolta ó Stakeknife)

Óglach de chuid an IRA Sealadach as iarthar Bhéal Feirste ba ea Freddie Scappaticci (timpeall  1946 – Aibreán 2023). Bhí sé ina spiaire san IRA ar son Arm na Breataine ar feadh na dTrioblóidí.[1]

Infotaula de personaFreddie Scappaticci
Beathaisnéis
Breith1946
Béal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
BásAibreán 2023
76/77 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmgníomhaire an dá thaobh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla

Sna hochtóidí, cuireadh é i gceannas é ar aonad slándála an IRA, oibríocht frithspiadóirí na bparaimíleatach..[2][3] agus thug Arm na Breataine an cód-ainm 'Stakeknife' air. Mhaígh teaghlaigh gur theip ar an RUC suas le 18 dúnmharú a fhiosrú chun ról Stakeknife mar spiaire a cheilt.

Shéan Scappaticci gurbh eisean Stakeknife ... ach theith sé agus mhair faoi chosaint finné i Sasana le scór bliain.[4]

Freddie Scappaticci san Irish News, 2015

Beatha cuir in eagar

 
Stakeknife Britain's Secret Agents2003ː ainmníodh Scappaticci as Béal mar Stakeknife (Greg Harkin sa nuachtán, People, a d'fhoilsigh an ‘scúp’).[5]

De bhunadh na hIodáile ar thaobh a athar, b’as Béal Feirste é. D'éirigh Scappaticci ina bhríceadóir sna 1960idí.

Rinneadh é a imtheorannú i rith Operation Demetrius sa bhliain 1971. Faoin am ar saoradh é i 1974 bhí sé ina bhall den IRA Sealadach. Bhí sé an-mhór le Gerry Adams, Alex Maskey srl nuair a ligeadh saor é.

Bhí Scappaticci i gceannas ar aonad slándála inmheánaí an IRA, ó 1980 ar aghaidh, oibríocht frithspiadóirí na bparaimíleatach.[1] Bhí an t-aonad seo freagrach as brathadóirí, nó daoine a raibh amhras fúthu, a fhuadach, a chéasadh agus a dhúnmharú. Thuill sé cáil na míthrócaire mar cheannasaí an aonaid sin a mbíodh daoine á bhfuadach, a gciapadh agus á marú acu. Eisíodh admhálacha nó ‘faoistiní’ go minic, i ndiaidh na maruithe, go leor acu bréagach.[6]

Is cosúil gur briseadh Scappaticci as an ról i dtús na 1990idí nuair a bhí amhras ar dhaoine san IRA gur ghníomhaire é. Ach murab ionann agus go leor eile níor tugadh breith bháis airsean; srianadh damáiste ceaptar.[7]

Nochtadh cuir in eagar

Ainmníodh Scappaticci sna meáin chumarsáide mar spiaire sa bhliain 2003.[8] (Greg Harkin sa nuachtán, People, a d’fholsigh an ‘scúp’).[5]

Bhí Scappaticci ar a theitheadh ón IRA ón am sin i leith. Shéan sé, áfach, nach brathadóir a bhí ann agus nárbh eisean an té dtugtaí 'Stakeknife' air. Díol suntais ab ea é gur sheas Sinn Féin leis nuair a nochtadh é in 2003 gur ghníomhaire é. Fiche bliain níos déanaí, sna 2020idí, ní raibh éinne sna sodair á chosaint.[4]

Béistiúlacht cuir in eagar

Bhí Scappaticci ina chónaí le fiche bliain i Sasana, idir 2003-2023.

Ar 30 Eanáir 2018, gabhadh Scappaticci.[9]  Bhí pornagrafaíocht crua, aindleathach, ina sheilbh aige, béistiúlacht go háirithe. Bhí galar dubhach air, nó sin a dúirt sé ag an am. Shéan sé na líomhaintí go léir agus ligeadh saor é.[10]

Bás cuir in eagar

D'éag Scappaticci i dtús mí Aibreáin 2023, in aois 77 dó, agus adhlacadh é faoi rún i Sasana.[1] Fuair sé bás nádúrtha ina leaba, más fíor, pribhléid nár cheadaigh seisean d’an-chuid a frítheadh caite le hais bóithre, púicíní orthu agus piléar i gcúl a gcinn.[4]

Fiosrúchán Kenova cuir in eagar

Cuireadh fiosrúchán ar bun sa bhliain 2016, ‘Fiosrú Kenova’ nó 'Oibríocht Kenova'.[11][12] faoin mbaint a a bhí ag Scappaticci agus Arm na Breataine agus na dúnmharaithe, gan trácht ar iarrachtaí ar dhúnmharú agus srianadh neamhdhleathach. Fiosraíodh freisin an bhaint a bhí ag póilíní an RUC agus ag seirbhísí faisnéise na Breataine leis na cionta sin.[13][14][15][16][17]

Príomhalt: Oibríocht Kenova

De réir na tuarascála, i gcásanna áirithe d’fhéadfadh beatha daoine a bheith sábháilte ag an eolas a chuir Stakeknife ar fáil d’fhórsaí slándála na Breataine dá mbeadh gníomh déanta acu de réir na faisnéise:[18][19][20][21]

Cóir cuir in eagar

Tuairiscíodh in 2022 go raibh seirbhísí rúnda na Breataine ag iarraidh cuid de thuairisc Boucher a cheilt ach go raibh Boucher ag diúltú don bhrú.[22]

Mhol lucht an fhiosrúcháin in 2022-2023 go gcúiseofaí naonúr iarbhall den IRA, cúigear iarshaighdiúirí in Arm na Breataine agus iaroifigeach san RUC. Ach ar an 6 Nollaig 2023, dúirt an tSeirbhís Ionchúiseamh Poiblí sa Tuaisceart nach raibh dóthain fianaise ann leis an dlí ar chur ar na daoine sin.[13]

D’fhógair Seirbhís Ionchúiseamh Poiblí an Tuaiscirt i mí na Mhárta 2024 nach gcuirfear an dlí ar aon duine de thoradh fhiosrúchán Kenova mar nach raibh “dóthain fianaise” ann.

Le Acht Oidhreacht na dTrioblóidí 2023 bhí Rialtas na Ríochta Aontaithe ag iarraidh stop a chur le fiosruithe agus cosc ar ionchoisní is cásanna sibhialta faoi eachtraí le linn na dTrioblóidí.

Príomhalt: Acht Oidhreacht na dTrioblóidí 2023

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 Nuacht RTÉ (2023-04-11). "Freddie Scappaticci a dtugtaí 'Stakeknife' air tar éis bháis" (as ga-IE). 
  2. 'the IRA nutting squad' nó 'internal security unit'
  3. Póilín Ní Chiaráin (4 Eanáir 2023). "Cén bhail a bheidh ar Chomhaontú Aoine an Chéasta 25 bliain ar aghaidh?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-01-05.
  4. 4.0 4.1 4.2 Póilín Ní Chiaráin (16 Aibreán 2023). "Bás ‘tráthúil’ Freddie Scappaticci" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-04-16.
  5. 5.0 5.1 Greg Harkin agus Martin Ingram aka Ian Hurst (2012-10-15). "Stakeknife: Britain's Secret Agents in Ireland" (as Béarla). The O'Brien Press. 
  6. Póilín Ní Chiaráin (10 Márta 2024). "An chumhacht a ceadaíodh do Stakeknife – cé a mhairfeadh agus cé a mharófaí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-10.
  7. Póilín Ní Chiaráin (16 Aibreán 2023). "Bás ‘tráthúil’ Freddie Scappaticci" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-04-16.
  8. "Freddie Scappaticci" (as en) (2022-11-29). Wikipedia. 
  9. Michael McHugh (2018-01-30). "'Stakeknife' arrested by detectives probing claims of murder, kidnap and torture" (en). Irish Mirror. Dáta rochtana: 2023-01-05.
  10. "Stakeknife: Operation Kenova report into IRA spy due in early 2023" (en-GB). BBC News (2022-10-31). Dáta rochtana: 2023-01-05.
  11. "Home |". www.kenova.co.uk. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-01-05. Dáta rochtana: 2023-01-05.
  12. "Operation Kenova |". www.opkenova.co.uk. Dáta rochtana: 2023-01-05.
  13. 13.0 13.1 Nuacht RTÉ (2023-12-06). "'Stakeknife': ní thabharfar aon chúis in aghaidh sé dhuine dhéag" (as ga). 
  14. kenova.co.uk (8 Márta 2024). "Tuarascáil eatramhach, 2024". Dáta rochtana: 8 Márta 2024.
  15. Kenova (8 Márta 2024). "Preasócáid ar Youtube (Operation Kenova Interim Report)" (as en). 
  16. kenova.co.uk (8 Márta 2024). "Jon Boutcher: Government and Republican leadership urged to apologise". www.kenova.co.uk. Dáta rochtana: 8 Márta 2024.
  17. "Independent group statements following report publication |". www.kenova.co.uk. Dáta rochtana: 2024-03-08.
  18. Nuacht RTÉ (2024-03-08). "'Stakeknife' cosanta ach beatha dhaoine eile thíos leis dá bharr" (as ga-IE). 
  19. "Níos mó daoine maraithe ná mar a sábháladh de dheasca obair ‘Stakeknife’ agus a láimhseálaithe" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-03-08). Dáta rochtana: 2024-03-09.
  20. "Stakeknife report branded ‘damning indictment’ of state's role in Troubles" (en-GB). BelfastTelegraph.co.uk (2024-03-08). Dáta rochtana: 2024-03-09.
  21. "Operation Kenova: Stakeknife cost more lives than he saved, says report" (en). The Irish News (2024-03-08). Dáta rochtana: 2024-03-09.
  22. Póilín Ní Chiaráin (4 Eanáir 2023). "Cén bhail a bheidh ar Chomhaontú Aoine an Chéasta 25 bliain ar aghaidh?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-01-05.