Substaint cheimiceach (peiptíd) a fhaightear ar fud na colainne, agus ag tiúchan an-ard sa phutóg, corda an dromlaigh is an inchinn. Ní léir fós a feidhm fhiseolaíoch. Is féidir go bhfeidhmíonn sí mar néartharchuradóir sna néaróin a iompraíonn eolas céadfach ó ghabhdóirí forimeallacha péine isteach sa néarchóras lárnach.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Substaint". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 633.