Is éard a bhí i gceist le Suojeluskunta ("Cór Cosanta") ná eagraíocht chosanta tíre a bhí ag obair san Fhionlainn sna blianta 1918-1944. Cineál garda náisiúnta a bhí ann. Bunaíodh na chéad "chóir chosanta" sa bhliain 1917, ach bhí siad an-difriúil le cóir chosanta na heagraíochta náisiúnta a tháinig ar an bhfód sa bhliain 1918.

Bosca Sonraí EagraíochtaSuojeluskunta
(sv) Skyddskåren
(fi) Suojeluskunta Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálmílíste Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1918
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte7 Samhain 1944 Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Foilsiú inmhéanachHakkapeliitta (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deFinnish Defence Forces (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

I rith na mblianta, bhí 120,000 duine sna cóir chosanta, agus ar meán bhí 90,000 duine ann. Mar sin, bhí eagraíocht náisiúnta na gcór cosanta ar an eagraíocht shaorthoilteanach ba mhó a bhí ag obair i sochaí na Fionlainne san am. Shroich an eagraíocht uasmhéid a ballra sa bhliain 1941, nuair a bhí 127,000 duine ann. I mbliain a bunaithe ní raibh ach 39,000 duine ann. Tháinig deireadh leis an eagraíocht nuair a shocraigh an Fhionlainn agus an tAontas Sóivéadach síocháin shealadach sa bhliain 1944, nó ceann de choinníollacha na síochána a bhí ann go ndíshlógfaí na Cóir Chosanta, rud a rinneadh.

Ba iad Gardaí Bána an chogaidh chathartha síol na gCór Cosanta, rud a d'fhág go raibh blas láidir polaitiúil - blas na heite deise - orthu i rith an chéad chúpla bliain i ndiaidh an chogaidh sin. Sa bhliain 1921, áfach, tháinig an Leifteanant-Choirneal Lauri Malmberg i gceannas ar Eagraíocht na gCór Cosanta, agus rinne sé a dhícheall an eagraíocht a thabhairt chun proifisiúntachta agus chun neamhpholaitiúlachta. D'éirigh leis a lán a dhéanamh lena chuid cuspóirí a bhaint amach, agus cuireadh oifigigh phroifisiúnta in áit na radacach eite deise sna heagraíochtaí réigiúnacha.

Naisc sheachtracha

cuir in eagar