Comhábhair fola is iad táirgí fola, a scartar i bhfoirm réasúnta íon tiubhaithe, ionas gur féidir iad a aistriú d'fhaighteoirí ina gceann is ina gceann.

banc fola

Roinntear an fhuil ina cealla is plasma le lártheifneoir. Cuimsíonn cealla na fola na pláitíní (riachtanach i gcomhair téachta) agus na cealla bána (a fheidhmíonn i gcoinne ionfhabhtuithe).

Codánaítear an plasma ina albaimin (le húsáid ar othar a d'fhulaing turraing) is ina phróitéiní eile, cosúil le Fachtóir VIII is fibrinigin (a úsáidtear i neamhoird téachta cosúil le haemaifilia). Is féidir iad a chaomhnú mar phúdair thriomaithe ar feadh blianta.[1]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Táirgí fola". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 639.