Tíotán (gealach)

Is é Tíotán an tsatailít is mó atá ag Satarn, agus é ar an dara gealach is mó sa ghrianchóras ar fad. Is é Tíotán an t-aon ghealach amháin a bhfuil atmaisféar substaintiúil aici, rud a choinnigh a dhromchla ceilte ar na réalteolaithe ar feadh i bhfad. Nítrigin, N2, is mó atá san atmaisféar (98.4%). Tá an fuíoll comhdhéanta as an meatán CH3 agus as hiodracarbóin eile, chomh maith le comhdhúile simplí hidrigine, nítrigine agus carbóin (cianaigin C2N2, abair, nó ciainíd hidrigine, HCN). Mar gheall ar dhlúithe an atmaisféir, is é an t-aon rinn néimhe sa ghrianchóras seachas an domhan ar a bhfuil aibhneacha, lochanna agus mara gníomhacha ar a dhromchla. Tá na gnéithe seo déanta as na hiodracarbóin céanna is atá an atmaisféar.

WD Bosca Sonraí Réad RéalteolaíochTíotán Titan symbol (variable width).svg
Titan in true color.jpg
Cineál gealach de chuid Satairn
Fionnachtaí Christiaan Huygens[1] Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta fionnachtana Márta 25, 1655
Eapainm Tíotán
Réad tuismitheora Satarn
Sonraí fithiseach
Apaipsis 1,257,060 km Cuir in eagar ar Wikidata
Pearaipsis 1,186,680 km Cuir in eagar ar Wikidata
Ais mhór a 1,221,870 km
Éalárnacht e 0.0288
Tréimhse fhithiseach P 15.945421 d
Saintréithe fisiceacha agus réaltmhéadracha
Ga 2,574 km Cuir in eagar ar Wikidata
Mais 134.518 Yg[2] Cuir in eagar ar Wikidata
Meándlús 1.8798 g/cm³[2] Cuir in eagar ar Wikidata
Ailbéideacht 0.22 Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid

Tá Tíotán 50% níos mó ná ár nGealach féin ar trastomhas, agus 80% níos troime ná í. Is é Ganymede an t-aon satailít nádúrtha amháin sa ghrianchóras a sháraíonn méid Tíotán, agus tá Mearcair níos lú ná Tíotán, cé go bhfuil sé níos troime. Ba é an réalteolaí Ollannach Christiaan Huygens a chuir an chéad sonrú riamh i dTíotán, thiar sa bhliain 1655.

TaiscéalaíochtCuir in Eagar

Pioneer agus VoyagerCuir in Eagar

Ba é Pioneer 11 an chéad spástaiscéalaí a thug cuairt ar Shatarn sa bhliain 1979. Ghlac an tóireadóir grianghraif den gheallach, ach ní raibh siad d'ardchaighdeán. I dtús na hochtóidí, bhain na tóireadóirí Voyager 1 agus 2 an Satarn amach, agus bhí siad in ann tuilleadh sonraí a fháil faoin gheallach is mó, agus faoin atmaisféar go háirthe. Bhí scamaill na gealaí ró-thiubh ag an am sin le feacáil cad é a bhí fúthu, agus ní dheachaigh aon de na tóireadóirí luatha seo i bhfithis an phláinéid nó Tíotáin féin le bheith in ann fáil amach níos mó.

Cassini-HuygensCuir in Eagar

Thimpeallaigh an taiscéalaí úd Cassini an phláinéid ón 1 Iúil 2004 go deireadh a mhisin sa mhí Mheáin Fómhair 2017. Mar chuid den mhisean, scaoileadh an miontóireadóir Huygens ó Cassini, agus seoladh go scamaill Tíotáin é. Ghlac Huygens grianghraif dá thitim agus den áit ar a thuirling sé, agus rinne sé taifead fuaime ó ghaotha an atmaisféir.

  1. Ráite i: A Short History of Astronomy. Údar: Arthur Berry. Foilsitheoir: John Murray. Teanga an tsaothair nó an ainm: Béarla na Breataine. Dáta foilsithe: 1898.
  2. 2.0 2.1 DOI: 10.1086/508812.