Mianra hidriúil de shileacáit mhaignéisiam, Mg3Si4O10(OH)2, a fhaightear i gcarraigeacha meiteamorfacha ina chnaipí boga geal-liatha, go minic le cloch nathartha. Tá fosuithe móra san Ostair is an India. Tugtar cloch gallúnaístéataít air freisin. An mianra is boige dá bhfuil ann. Dath éigin idir bán, liath, glas, dearg is donn air. Snoítear é le hornáidí a tháirgeadh. Úsáidtear é i dtalcphúdar is cosmaidí eile, cailc fhrancach, bealuithe is clúduithe páipéir, déanamh teicstílí, lionóile, inslitheoirí leictreacha is potaireachta, agus mar ábhar líonta i bpéinteanna, plaistigh is rubair.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Talc". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 641.