Talmhaíocht le leibhéil ionchuir réasúnta íseal, mar shampla leasuithe, spraeanna, nó cógaisíochtaí. Bíonn an toradh in aghaidh an heicteáir íseal, ach le fairsinge an-mhór in úsáid is féidir go mbeidh ioncam sásúil ag an bhfeirmeoir. Samplaí den chleachtas seo is ea feirmeoireacht caorach ar thalamh ard, cuid d'fheirmeoireacht eallaigh is feirmeoireacht na machairí i Meiriceá Theas is Thuaidh.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Talmhaíocht fhairsing". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 641.