Feidhmiú teoiric na faisnéise go ginearálta don chumarsáid dhaonna. Déanann foinse an eolais an teachtaireacht a chódú is a tharchur thar chainéal go dtí glacadóir, mar a ndíchódaítear an teachtaireacht le ciall a bhaint aisti. Is é an príomhchuspóir i gcumarsáid innealtóireachta idir ríomhairí, mar shampla, ná tarchur éifeachtach gan bhotún. Ní hionann an scéal i ngach saghas cumarsáide, mar tagann fachtóirí eile isteach, cosúil le haischothú, comhthéacs sóisialta, ról gníomhach glacadóirí daonna is eile i dtáirgeadh na céille atá á haistriú.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Teoiric na cumarsáide". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 659.