Amhrán is ea "Theme from Harry's Game", nó "Harry's Game", a d'eisigh an grúpa ceoil Clannad sa bhliain 1982.[1][2]

Infotaula de cançóTheme From Harry's Game
Cineálsaothar ceoil
TaibheoirClannad
ObairMagical Ring (en) Aistrigh
FoilsitheDeireadh Fómhair 1982
Seánraceol Ceilteach agus ceol teidil
Teangaan Ghaeilge
Lipéad ceoilRCA Records
LiriceoirPól Ó Braonáin
CumadóirPól Ó Braonáin
Magical Ring (en) Aistrigh
«I See Red (en) Aistrigh» →
Musicbrainz: 9faba41d-d19d-3d3a-adb8-d92ad9ec5c2e Cuir in eagar ar Wikidata

Ba é an chéad amhrán ón albam "Magical Ring" é. Tá na liricí uilig i nGaeilge.

Clúdach an cheirnín, 1982

Stair cuir in eagar

Clannad ar an stáitse, 1982

Sa bhliain 1975, foilsíodh an t-úrscéal Harry’s Game le Gerald Seymour. Nuair a beartaíodh an leabhar a chóiriú don teilifís seacht mbliana níos déanaí, chuaigh an scríbhneoir sa tóir ar rian le bheith mar cheol aitheantais na sraithe nua.[3] Bhí aithne aige ar shaothar Chlannad, banna ceoil as Tír Chonaill a bhí aitheanta in Éirinn, agus a bhí ag déanamh dul chun cinn sa Ghearmáin agus san Eilvéis ag an am. Chuaigh sé i dteagmháil le Clannad agus chum an grúpa amhrán nua.

Níor ghlac sé i bhfad ar an mbanna an rian a chumadh agus a thaifead. Is ón seanfhocal Chonnacht ‘Imeoidh a dtiocfaidh s’ a dtáinig ariamh’ a tháinig go leor den inspioráid do liricí an amhráin, agus bhí an phortaireacht thraidisiúnta go mór ina thionchar ar an gcurfá ‘fol lol the doh fol the day, fol the doh fol the day’...[3]

Seoladh an t-amhrán chuig léiritheoirí Harry’s Game. Ba iad an lipéad ceoil RCA a d’eisigh ‘Theme From Harry’s Game’ mar shingil. Ní raibh aon siúl leis an rath a bhain an rian amach, ná an lorg a d’fhágfadh sé.

Ba sa Ghearmáin a bhí Clannad nuair a fuair siad an scéala go raibh Top of the Pops sa tóir orthu. I ndiaidh do ‘Theme From Harry’s Game’ dul isteach i gcairteacha na Breataine ag uimhir 46, léim sé go huimhir 11 an tseachtain dár gcionn. An tseachtain dár gcion, d’éirigh le ‘Theme From Harry’s Game’ uimhir 5 a bhaint amach, i ndiaidh dóibh casadh ar Top of the Pops ar 11 Samhain 1982.[3]

Bronnadh duais Ivor Novello ar Clannad don amhrán.

Albam cuir in eagar

Amhrán Gaeilge amháin eile seachas Theme From Harry's Game a ndeachaigh go barr na cairteanna sa Bhreatain ná "Saltwater" le Chicane agus Máire Brennan, amhránaí Clannad.

Naisc cuir in eagar

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Top of the Pops (1982). "Clannad - Theme From "Harry's Game" (Top of the Pops, 1982)" (as ga-IE). 
  2. BBC (1982). "Clannad - Theme From Harry's Game (TOTP 1982)" (as ga-IE). 
  3. 3.0 3.1 3.2 Seán Ó Dubhchon (28ú Samhain 2022). "40 bliain ó bhí amhrán Gaeilge ar Top of the Pops…" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2022-11-30.