Thomas Addis Emmet

Dlíodóir agus fear polaitíochta Éireannach ab ea Thomas Addis Emmet (24 Aibreán 176414 Samhain 1827). Rugadh é i gCorcaigh. Bhí sé ina bhall sinsearach de na hÉireannaigh Aontaithe sna 1790idí. Bhí sé ina Ard-Aighne ar Stát Nua-Eabhrac sna blianta 1812–1813. Tá Emmet curtha i Reilig Ghlas Naíon i mBaile Átha Cliath.

CúlraCuir in Eagar

Rugadh Thomas Addis Emmet sa cheantar i gCathair Chorcaí ar a dtugtar Hammond's Marsh sa bhliain 1764 don Dochtúir Robert Emmet as Contae Thiobraid Árann agus do Elizabeth Mason as Contae Chiarraí. Am éigin i ndiaidh bhreith Thomas ceapadh a athair mar Lia Stáit na hÉireann. Tá portráidí den bheirt thuismitheoirí i nGaillearaí Ealaíne Crawfor i gCorcaigh. Ba é an deartháir is sine ag Robert Emmet, a cuireadh chun báis as a cheannasaíocht ar Éirí Amach na bliana 1803. Tá Robert ar dhuine de na mairtírigh náisiúnaíocha is mó i stair na Éireannn.