Thomas Edison

ceapadóir agus fear gnó Meiriceánach (1847–1931)
(Athsheolta ó Thomas Alva Edison)

Ceapadóir agus fear gnó ab ea Thomas Alva Edison (11 Feabhra 184718 Deireadh Fómhair 1931), a rugadh i Ohio, Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Infotaula de personaThomas Edison

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Thomas Alva Edison
11 Feabhra 1847
Milan, Ohio, Ohio Cuir in eagar ar Wikidata
Bás18 Deireadh Fómhair 1931
84 bliana d'aois
West Orange, New Jersey Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Diaibéiteas chineál 2)
Áit adhlacthaThomas Edison National Historical Park Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Grúpa eitneachMeiriceánaigh
ReiligiúnDias
Scoil a d'fhreastail sé/síCooper Union - ceimic (1875–1879) Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Réimse oibreFionnachtain, entrepreneurship (en) Aistrigh, Innealtóireacht leictreach, innealtóireacht, scríbhneoireacht scáileáin, cumadóir agus fiontraí
Gairminnealtóir, scríbhneoir scripte, duine den lucht gnó, stiúrthóir scannán, fiontraí, cumadóir, matamaiticeoir, fisiceoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1877 –
FostóirGeneral Electric
Continental Edison (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéileMary Stilwell Edison (1871–1884), bás a c(h)éile
Mina Miller (1886–1931) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteCharles Edison
 ( Mina Miller)
Marion Estelle Edison Oeser
 ( Mary Stilwell Edison)
Madeleine Edison
 ( Mina Miller)
Thomas Alva Edison
 ( Mary Stilwell Edison)
Theodore Miller Edison
 ( Mina Miller)
William Leslie Edison
 ( Mary Stilwell Edison) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairSamuel Ogden Edison  agus Nancy Elliott
SiblínCarlisle Snow Edison
Duine muintearthaLewis Miller (athair céile) Cuir in eagar ar Wikidata
Síniú

Veu de Thomas Edison (Béarla) Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0249379 Musicbrainz: 7ab467a1-d15b-41ea-a4d9-433d7ff64e9d Discogs: 1195433 Find a Grave: 1630 Cuir in eagar ar Wikidata
(en) A Day with Thomas Edison (1922)

D'fhionn sé an fónagraf (1877)[1], an glacadóir don teileagraf, córas chun 4 theachtaireacht a tharchur go comhuaineach, tarchuradóir carbóin teileafóin, an chéad lampa gealbhruthach (1879), agus córas iomlán dáilte leictreachais.

D'fhorbair sé an chéad fhearas lárnach chun cumhacht leictreach a ghiniúint is a tharchur go forleathan. D'fhorbair sé batairí, agus fiú an chéad iarnród leictreach (Hoboken NJ, 1930).

Bhí níos mó ná 1,300 paitinn ag Edison.

Aireagáin cuir in eagar

  • An fónagraf. Edison a thaispeáin an gléas seo i 1877 mar ionstraim deachtaithe don oifig, ach tháinig sé chun foirfeachta mar chóras siamsa baile sa leathchéad bliain ina dhiaidh sin.
  • An micreafón. Shaothraigh Bell is Edison na céad chinn le haghaidh teileafónaíochta
  • Teirmianaic. Thomas Edison a d'fhionn an iarmhairt seo i 1883.
  • D'úsáid Edison stiallacha leanúnacha scannáin fhótagrafaigh ina cheamara Kinetoscope i 1891 , ach ba iad na deartháireacha Lumiere, a theilg íomhánna ar scáileán os comhair lucht mór féachana i 1895, a bhunaigh an tionscal taifeadta scannán is a léirithe i bpictiúrlanna. Ag tosú le cineiteagraf Dickson ó chomhlacht Thomas Edison i 1891 , bunaíodh an scannán 35 mm, pollta ar a fhad chun gurbh fhéidir é a ghluaiseacht ar aghaidh le cromán, oibrithe de láimh ag an gceamaradóir féin,
 
Thomas Edison, 1878

Oidhreacht cuir in eagar

Bhí tionchar mór ag Edison ar an eolaíocht i rith an 19ú agus 20ú haois.

  • Leag Alexander Graham Bell síos bunús an teileafóin le glacadóir ionduchtaithe a cheap sé féin chun an fhuaim a chruthú, ceangailte le sreang le tarchuradóir carbóin de chuid Thomas Edison.
  • Thosaigh Arthur Edwin Kennelly ag obair le Thomas Edison sna Stáit Aontaithe i 1887.
  • Ó 1891, thosaigh Henry Ford ag obair do chomhlacht Edison i nDetroit.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéím 2011)