Thomas Anthony Dooley III
Lia agus daonnúlach Meiriceánach ab ea Thomas Anthony Dooley III nó Tom Dooley mar ba mhó aithne air (17 Eanáir 1927 – 18 Eanáir 1961). D'oibrigh sé ar son na mbochtán agus na dteifeach i Laos agus Vítneam, mar dhochtúir i gCabhlach na Stát Aontaithe agus ina dhiaidh sin. Scríobh sé trí leabhar faoina chuid oibre sa dá thír úd a raibh an-ráchairt orthu, mar atá Deliver Us From Evil, The Edge of Tomorrow, agus The Night They Burned the Mountain. Ní ba dhéanaí foilsíodh na trí leabhar le chéile mar "Dr. Tom Dooley's Three Great Books." De réir clúdach deannaigh "The Edge of Tomorrow", chuaigh Dooley "go ceann de hiargúlacha an domhain chun troid i gcoinne an dá olc is mó a dhéanann leatrom orthu: aicíd agus Cumannachas.[1]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 17 Eanáir 1927 St. Louis, Missouri |
Bás | 18 Eanáir 1961 34 bliana d'aois |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Meileanóma) |
Áit adhlactha | Reilig Chalvaire |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Notre Dame Ollscoil Saint Louis Arscoil Ollscoil St. Louis |
Gníomhaíocht | |
Gairm | dochtúir leighis |
Teangacha | Béarla |
Gairm mhíleata | |
Brainse míleata | Cabhlach na Stát Aontaithe |
Saothar | |
Suíomh a chartlainne | |
Gradam a fuarthas | |
Beathaisnéis
cuir in eagarRugadh Tom Dooley in St. Louis, Missouri. Bhí a theaghlach go maith as agus de phór Éireannach. Chuaigh sé ar St. Louis University High School agus ina dhiaidh sin go hOllscoil Notre Dame in South Bend, Indiana.
Foilseacháin
cuir in eagar- Dooley, Thomas A., Deliver Us from Evil: The Story of Vietnam’s Flight to Freedom (Nua-Eabhrac: Farrar, Straus and Cudahy, 1956)
- Dooley, Thomas A., The Edge of Tomorrow (Nua-Eabhrac: New American Library, 1958) ISBN 0-374-14648-9
- Dooley, Thomas A., The Night They Burned the Mountain (Nua-Eabhrac: Farrar, Straus & Cudahy, 1960) ISBN 0-374-22212-6
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ The Edge of Tomorrow book jacket, front flap
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |