Tim Russert

iriseoir Meiriceánach

Craoltóir, iriseoir, dlíodóir agus Meiriceánach de bhunadh na hÉireann ba ea Tim Russert (7 Bealtaine 195013 Meitheamh 2008).

Infotaula de personaTim Russert

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Timothy John Russert
7 Bealtaine 1950
Buffalo, Nua-Eabhrac, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Bás13 Meitheamh 2008
58 bliana d'aois
Washington, D.C. Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ionfharchtadh miócairdiach)
Áit adhlacthaRock Creek Cemetery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceachas
Scoil a d'fhreastail sé/síCleveland State University College of Law (en) Aistrigh
John Carroll University (en) Aistrigh
Ardscoil Canisius Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmiriseoir, tuairisceoir, dlíodóir, láithreoir teilifíse, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1983 –  2008
FostóirNBC Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Daonlathach Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileMaureen Orth (1983–2008) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteLuke Russert Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinmsnbc.msn.com… Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0751529 Find a Grave: 27526951 Cuir in eagar ar Wikidata

Iriseoireacht cuir in eagar

Duine a raibh bród air as a oidhreacht Ghaelach agus dlíodóir ab ea é, a bhí i measc na daoine ba mhór le rá sna 1980idí-2000idí i gcúrsaí craoltóireacht sna Stáit Aontaithe, thar aon rud eile mar mhodhnóir an chláir NBC 'Meet the Press' idir 1991 is 2008.[1]

Rinne NBC roinnt gearrthóg a thaispeánann Russert ag baint úsáid as an gcuid is fearr de scileanna an dlíodóra san obair iriseoireachta a rinne sé.[2]

Bhí dlúthbhaint aige le hÉirinn agus le Gaeil Mheiriceá.[3]

Bás tobanna agus oidhreacht cuir in eagar

Bhuail taom croí Russert ar 13 Meitheamh 2008, in aois 58 bliain dó. Luigh a bhás go trom ar dhaoine, go mór mór toisc go raibh an feachtas um an toghchán uachtaránachta stairiúil i 2008 á ghéarú um an dtaca sin.

Ag labhairt faoi Russert, dúirt Barack Obama gur sheas sé an fód ar son na hiriseoireachta dáiríre agus gur fhear iontach é ag an am céanna. Dar le Obama, ba chara é arbh féidir leat brath air leis na cruacheisteanna a chur ort, gan gabháil go réidh ort ar chor ar bith, an méid sin gur mhúin sé dó seirbhís níos fearr a dhéanamh don phobal trí iallach a chur air ceisteanna a fhreagairt cé go raibh siad míchompordach, le linn dó a bheith ionraic agus díreach ina ainneoin sin, gan iarracht ar chluichí a imirt, gan iarracht ar phointí a scóráil mar chríoch ann féin.

Sa bhliain 2018, chuir beirt a bhíodh ag obair leis i NBC News a gcuid smaointe faoi in iúl, maidir leis an méid a chaill an iriseoireacht agus saol poiblí na Stát Aontaithe tríd a bhás agus leis na ceachtanna atá le tarraingt as a shaol oibre ag iriseoirí an lae inniu.[4]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Scoil Dlí, COBÁC (2021). "Tim Russert". Dáta rochtana: 2021.
  2. NBC (2008). "TIM RUSSERT the lawyer HIS BEST CROSS-EXAMINATIONS" (as en) (Youtube). 
  3. Sa bhliain 2008 scríobh Niall Ó Dubhda, bunaitheoir ar IrishCentral, nóta beathaisnéise ... (2008). "Niall O'Dowd - Remembering Tim Russert, “he was the best”" (en). IrishCentral.com. Dáta rochtana: 2021-06-13.
  4. "Tim Russert: Loss and lessons a decade later" (en). NBC News. Dáta rochtana: 2021-06-13.