Is timthriall fuinnimh é timthriall Born-Haber, bunaithe ar dhlí Hess, a thaispeánann an ceangal idir fuinneamh laitíse solaid ianaigh is a theas déanmhaíochta, i dtéarmaí airíonna na n-adamh aonarach. Ainmníodh é i ndiaidh an dá eolaí Gearmánacha Max Born agus Fritz Haber, a d’fhorbair é sa bhliain 1919.[1][2][3] Rinne Kasimir Fajans é a fhoirmiú go neamhspleách freisin agus foilsíodh i gcomhthráth é san eagrán céanna den iris chéanna.[4] Baineann an timthriall le comhdhúil ianach a fhoirmiú ó imoibriú miotail (go minic le dúile sa Ghrúpa IGhrúpa II) le halaiginí nó le dúile neamh-mhiotalacha eile mar ocsaigin.

De bhrí go bhfuil an fuinneamh iomlán a ídítear i bpróiseas ar bith neamhspleách ar an gconair a leantar sa phróiseas, is féidir aon chainníocht anaithnid sa timthriall a dhéanamh amach más eol na cainníochtaí eile.

Baintear leas as timthriall Born-Haber chun eantalpacht laitíse a ríomh, trí chomparáid a dhéanamh idir an t-athrú caighdeánach eantalpachta ar fhoirmiú chomhdhúil ianach (ó na dúile) leis an eantalpacht a theastaíonn chun iain ghásacha a dhéanamh as na dúile.

Is é is eantalpacht laitíse ann ná an t-athrú eantalpachta nuair a chomhshóitear aon mhól de chomhdhúil ianach ina n-iain ghásacha (imoibriú intéirneach).

Mar shampla; NaCl(s)→ Na+(g) + Cl(g)

Is imoibriúchán intéirneachh é seo mar go bhfuil fuinneamh de dhíth le fórsaí aomtha idir na hiain a shárú agus iad a dheighilt.[5]

Tagairtí cuir in eagar

  1. "The Born-Fajans-Haber Correlation" (6 December 1969) 224: 950-952. doi:10.1038/224950a0. “"A more correct name would be the Born–Fajans–Haber thermochemical correlation."” 
  2. M. Born [[1]] 1919, 21, 679-685.
  3. F. Haber [[2]] 1919, 21, 750-768.
  4. K. Fajans [[3]] 1919, 21, 714-722.
  5. Hussey, Matt (2011). "Timthriall Born-Haber". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 84.