Toghchán an Chinn Comhairle chun Teach na nIonadaithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá, 2023

I Stáit Aontaithe Mheiriceá i dtús mí Eanáir 2023, bhí Teach na nIonadaithe ina chocstí agus an Páirtí Poblachtánach ag iarraidh Ceann Comhairle nua, nó Spéicéir, a thoghadh. Cé go raibh tromlach acu sa Teach, ní raibh siad ar dtús in ann aontú ar éinne, tar éis vóta i ndiaidh vóta. Fuair Kevin McCarthy 203 vóta sa chéad bhabhta, agus 218 gcinn de dhíth, ach d’imigh sé ar gcúl go mall ina dhiaidh. Ní bhfuair sé ach 201 tar éis ocht vóta.[1]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtToghchán an Chinn Comhairle chun Teach na nIonadaithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá, 2023
Íomhá
CineálSpeaker of the United States House of Representatives election (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse3 - 7 Eanáir 2023
Dáta na bliana3 Eanáir 2023 Cuir in eagar ar Wikidata
TírStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Oifig le buachanSpéicéir Theach Ionadaithe na Stát Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
IarrthóirHakeem Jeffries (212)
Andy Biggs
Jim Jordan
Byron Donalds
Kevin Hern
Donald Trump Cuir in eagar ar Wikidata
Iarrthóir ar éirigh leis/léiKevin McCarthy (216) Cuir in eagar ar Wikidata
Kevin McCarthy, 2019
Mike Johnson

Bhí fiche Ionadaí ó “Pháirtí na Saoirse”, atá i bhfad amach ar an eite dheis, go láidir ina choinne. Bhí obair an Tí, agus cuid mhór d'obair rialtas na Stát Aontaithe fiú, ar fad i sáinn.[1]

Faoi dheireadh, bhí an lá ag McCarthy sa 15ú bhabhta.

I mí Dheireadh Fómhair 2023, bhí McCarthy curtha as oifig mar Spéicéir. Is é an chéad cheannaire i stair sheomra íochtair Chomhdháil na Stát Aontaithe a baineadh den phost. Vótáil ochtar Poblachtánach ón eite fhíordheis den pháirtí i gcoinne cheannaire a bpáirtí (216 go 210 an vóta).

Níos déanaí, thug Donald Trump a chuid tacaíochta a thabhairt do Jim Jordan, fearr a mheastar le bheith ar dhuine de na polaiteoirí is coimeádaí sa Chomhdháil. Bhí ar an gComhdháil spéicéir a cheapadh roimh an 17ú de mhí na Samhna chun dúnadh féideartha an rialtais a sheachaint.[2]

Toghadh Mike Johnson mar Spéicéir ar 25 Deireadh Fómhair, i bhfad amach ar an eite dheis

Féach freisin

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 Conradh na Gaeilge, Londain (7 Eanáir 2023). "Nuacht Mhall (Maigh Eo)" (ga-IE). Listen Notes. Dáta rochtana: 2023-01-17.
  2. Conradh na Gaeilge. Londain (2023-10-08). "‎Nuacht Mhall on Apple Podcasts" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-10-11.