Toghchán Chomhthionól Thuaisceart Éireann 2022

Reáchtáladh Toghchán Chomhthionól Thuaisceart Éireann ar 5 Bealtaine 2022. Bhí 90 suíochán ar fad sa chomhthionól; toghadh 5 feisire tionóil as gach ceann de 18 toghlach ar fud Thuaisceart Éireann.[1]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtToghchán Chomhthionól Thuaisceart Éireann 2022
Map
Cineáltoghchán Thionól Thuaisceart Éireann
leathanach idirdhealaithe Wikimedia Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana5 Bealtaine 2022 Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Baint le limistéar údaráisTuaisceart Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
Oifig le buachanComhalta den Tionól Reachtach (90) Cuir in eagar ar Wikidata
IarrthóirSinn Féin (250,388)
Páirtí Aontachtach Daonlathach (184,002)
Páirtí Comhghuaillíochta Thuaisceart Éireann (116,681)
Páirtí Aontachtach Uladh (96,390)
Páirtí Sóisialta Daonlathach an Lucht Oibre (78,237)
Glór Traidisiúnta Aondachtach (65,788)
An Comhaontas Glas i dTuaisceart Éireann (16,433)
Aontú (12,777)
Comhghuaillíocht an Phobail roimh Bhrabús (9,798)
An Páirtí Aontachtach Forásach (2,665)
Páirtí Poblachtach Sóisalach na h-Éireann (1,869)
Páirtí na nOibrithe (839)
Cross-Community Labour Alternative (en) Aistrigh (602)
Socialist Party of Ireland (en) Aistrigh (524)
Northern Ireland Conservatives (en) Aistrigh (254)
Heritage Party (en) Aistrigh (128)
polaiteoir neamhspleách (25,315) Cuir in eagar ar Wikidata
Iarrthóir ar éirigh leis/léiSinn Féin
Páirtí Aontachtach Daonlathach
Páirtí Comhghuaillíochta Thuaisceart Éireann
Páirtí Aontachtach Uladh
Páirtí Sóisialta Daonlathach an Lucht Oibre
Glór Traidisiúnta Aondachtach
Comhghuaillíocht an Phobail roimh Bhrabús
polaiteoir neamhspleách Cuir in eagar ar Wikidata


An feachtas cuir in eagar

Bhí Sinn Féin chun tosaigh ar gach páirtí eile sna pobalbhreitheanna réamhthoghcháin.[2] An costas maireachtála an téama is mó a bhí ag Sinn Féin. Ach cnámh spairne mhór a bhí sa Phrótacal Thuaisceart Éireann agus an mhíshástacht a bhí cothaithe aige, i measc an DUP ach go háirithe.[3] Bhí sé ráite ag an DUP nach nglacfaidh siadsan páirt i bhfeidhmeannas nua mura dtéitear i ngleic le Prótacal an Tuaiscirt, an cheist is mó atá ag déanamh tinnis dóibh ó d'imigh an Bhreatain as an Aontas Eorpach.

Conor Murphy, Mary Lou McDonald, John Finucane agus Michelle O'Neill, 4 Aibreán 2022

Torthaí cuir in eagar

D'éirigh le Sinn Féin 27 suíochán a bhuachan, 2 cheann sa bhreis ar an bpríomh-pháirtí aontachtach,an DUP. Don chéad uair riamh, ní raibh ag páirtí aontachtach an móramh sa Tuaisceart

Seo an toradh iomlán agus comparáid leis an toghchán deiridh i 2017 idir na lúibíní.[4]

Bhí Alliance sásta le toradh an toghcháin go háirithe, a líon suíochán dúbailte aige go 17. Maidir le Páirtí Aontachtach Uladh (UUP) agus an páirtí náisiúnach SDLP, chonaic siadsan laethanta i bhfad ní ab fhearr sa Tuaisceart, an 2 pháirtí ba láidre ag bunú an chomhthionóil i 1998. Ní raibh aon suíochán ag Comhaontas Glas i gComhthionól Stormont sa bhliain 2022 i ndiaidh dhó an péire a bhí aige ón toghchán 2017 a chailleadh.

De réir na bhforálacha, ba le Sinn Féin post na céad-aireachta, cé go raibh an stádas céanna aige go hoifigiúil le post na leaschéad-aireachta a gcaithfear é a bhronnadh sa gcás seo ar an DUP.

Emma Little Pengelly in 2017

Scannal Donaldson / Little Pengelly cuir in eagar

I dtoghchán an Tionóil, bhí Jeffrey Donaldson, ceannaire an DUP, ar cheann an chomhairimh i nGleann an Lagáin. Ansin d’fhógair Donaldson go bhfanfadh sé ina fheisire Parlaiminte Westminister mar chuid dá fheachtas in éadan an phrótacail iarBhreatimeachta agus d’ainmnigh sé Little Pengelly mar theachta Tionóil ina ionad. Bhí an beart dleathach ach baineadh siar as daoine gur tharla sé chomh luath sin tar éis lá na vótála; an chéad uair a ndearnadh é mar gur roghnaigh an té a toghadh gan freastal ar Stormont. Comhthoghtar ionadaithe chun fothoghcháin a sheachaint. Ba é seo an dara huair a comhthoghadh Emma Little Pengelly mar theachta.[5]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Nuacht RTÉ (2022-05-08). "6 mhí atá ag páirtithe ó thuaidh le rialtas a bhunú" (as ga). 
  2. Nuacht RTÉ (2022-05-06). "Vótaí á gcomhaireamh i dtoghchán Chomhthionól Stormont" (as ga). 
  3. Nuacht RTÉ (2022-05-08). "'Caithfear ceist an phrótacáil a réiteach'-Coveney" (as ga). 
  4. Nuacht RTÉ (2022-05-06). "Toghchán Chomhthionól Stormont: Sinn Féin chun cinn" (as ga). 
  5. Póilín Ní Chiaráin (18 Bealtaine 2022). "Caithfear a chinntiú gur ar mhaithe leis an bpobal seachas na páirtithe an comhthoghadh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-02-03.