Tomás Dáibhis

scríbhneoir agus gníomhaí Éireannach (1814-1845)

Bhí Tomás Dáibhis (14 Deireadh Fómhair 1814 - 16 Meán Fómhair 1845), nó Thomas Osborne Davis, ina scríbhneoir réabhlóideach agus mór-phearsa na gluaiseachta liteartha "Young Ireland" (Éire Óg).

Tomás Dáibhis
Thomas Davis Young Irelander.JPG
Reachtaire de Chumann Staire an Choláiste

19 haois - 19 haois
Saol
Ainm iomlánThomas Osborne Davis
Eolas breitheMaigh Eala, 14 Deireadh Fómhair 1814, 1814
NáisiúntachtRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann
BásBaile Átha Cliath, 16 Meán Fómhair 1845, 1845
Áit adhlacthaReilig Chnocán Iaróm
Cúis bháisbás nádúrtha (eitinn
Fiabhras dearg)
Oideachas
Alma materColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Teangachaan Ghaeilge
an Béarla
Gairm
Gairmscríbhneoir, file, polaiteoir agus iriseoir
Saothar iomráiteachA Nation Once Again
SloinnteThe Celt agus Celt
Cleamhnú
ReiligiúinAnglacánachas

Ba náisiúnaí cultúrtha é, agus chuir sé an teanga Ghaeilge chun cinn. Eisean a dúirt "a people without a language is only half a nation".

SaolCuir in Eagar

 
Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Rugadh é i Mala i gcontae Chorcaí. Bhí a athair, Breatnach, ina mháinlia san Artléire Ríoga. Éireannach as Corcaigh ba ea a mháthair ó dhúchas. Trína mháthair, shíolraigh sé ó theaghlach Gaelach (Ó Súileabháin Bhéara).

Mí ina dhiaidh a bhreith, fuair a athair bás agus ansin, bhog a mháthair go Baile Átha Cliath. Sa bhliain 1830, bhog an bheirt acu go 67 Sráid Baggot Íochtarach sular thosaigh sé ag staidéar i Coláiste na Tríonóide.[1] Is san áit sin, i 1836, ar bhain sé céim amach sna healaíona. Glaodh chun an bharra sa bhliain 1838.

Bhásaigh sé in aois a thriocha bliain ó fhiabhras dearg. Tá sé cúrtha i Reilig Chnocán Iaróm.[2]

A chuid scríbhinníCuir in Eagar

Bhí Davis ina Protastúnach, ach mhol sé aontacht idir Caitlicigh agus Protastúnaigh agus aontacht na hÉireann.

Ba é a scríobh an dán cáiliúil A Nation Once Again,[3] ónar tháinig an t-amhrán náisiúnach den ainm céanna. Chum sé na hamhráin, 'The West's Cailleach', agus 'In Bodenstown Churchyard'[4]. Chomh maith le sin, scríobh sé an 'Lament for Owen Roe O'Neill'.[5]

Bhunaigh sé nuachtán 'The Nation' le Charles Gavan Duffy[6] agus John Blake Dillon[7].

GaeilgeCuir in Eagar

Dúirt Davis, as Béarla:

"The Irish Language should be cherished, taught and esteemed, and that it can be preserved and gradually extended".

Bhí sé den tuairim gur chóir an teanga a theagasc, a chothú agus meas a thabhairt di agus gur chóir dúinn an teanga a chaomhnú

OidhreachtCuir in Eagar

 
Dealbh Dáibhis - Sráid Dame

Ar feadh seachtaine, i Meán Fómhair, 1945, d'eagraíodh imeachtaí ar fud na tíre. Nochtadh dealbh de Dáibhis, a chruthaigh Edward Delaney ar 'College Green'[8], Baile Átha Cliath, sa bhliain 1966, agus d'fhreastail Uachtarán na hÉireann, Éamon de Valera ar an ócáid.

Tá meánscoil ina bhaile dúchais (Mala), Cólaiste Dáibhis (Davis College)[9] ainmnithe ina onóir. Chomh maith le sin, tá go leor clubanna Cumann Lúthchleas Gael ar fud na tíre, ainmnithe ina onóir, ceann amháin, i mBaile Átha Cliath[10] agus ceanhn eile i gcontae Ard Mhaca[11], san áireamh.

'Fort Davis' i gCuan Corcaí ainmnithe ina onóir. Tá Shráid Thomáis Dáibhis i gCorcaigh ainmnithe ina onóir.[12]

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. "Trinity College Dublin, the University of Dublin, Ireland". www.tcd.ie. Dáta rochtana: 2019-02-25.
  2. "Mount Jerome Cemetery & Crematorium". www.mountjerome.ie. Dáta rochtana: 2019-02-25.
  3. "A Nation Once Again" (as en) (2019-02-03). Wikipedia. 
  4. "Bodenstown Churchyard lyrics - Rovers Irish original song - full version on Lyrics Freak". www.lyricsfreak.com. Dáta rochtana: 2019-02-25.
  5. "108. Lament for the Death of Eoghan Ruadh O’Neill by Thomas Davis. Colum, Padraic. 1922. Anthology of Irish Verse". www.bartleby.com. Dáta rochtana: 2019-02-25.
  6. "Charles Gavan Duffy" (as en) (2018-12-21). Wikipedia. 
  7. "John Blake Dillon". www.askaboutireland.ie. Dáta rochtana: 2019-02-25.
  8. "College Green - Dublin 2" (en). DublinTown. Dáta rochtana: 2019-02-25.
  9. "Davis College". daviscollege.ie. Dáta rochtana: 2019-02-25.
  10. "Thomas Davis GAA - Official Website". thomasdavisgaa.ie. Dáta rochtana: 2019-02-25.
  11. "Corrinshego - CLG Ard Mhacha" (en). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-12-11. Dáta rochtana: 2019-02-25.
  12. "Sráid Thomáis Dáibhis/Thomas Davis Street" (ga). logainm.ie. Dáta rochtana: 2022-09-16.