Tomás Mac Giolla

polaiteoir Éireannach

Polaiteoir Éireannach ab ea Tomás Mac Giolla (25 Eanáir 1924 - 4 Feabhra 2010).

Infotaula de personaTomás Mac Giolla

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith25 Eanáir 1924
An tAonach, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás4 Feabhra 2010
86 bliana d'aois
Beaumont, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Teachta Dála
29 Meitheamh 1989 – 5 Samhain 1992 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 26ú Dáil


Teachta Dála
10 Márta 1987 – 25 Bealtaine 1989 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 25ú Dáil


Teachta Dála
14 Nollaig 1982 – 20 Eanáir 1987 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 24ú Dáil


Ceannaire Sinn Féin
1962 – 1970
← Pádraig Mac Lógáin Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Coláiste Fhlannáin Naofa Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí na nOibrithe Cuir in eagar ar Wikidata

Óige cuir in eagar

Rugadh Tomás Mac Giolla do theaghlach feirmeoireachta san Aonach, i gContae Thiobraid Árann. D'fhreastail sé ar an mbunscoil áitiúil go dtí gur aistrigh sé go Coláiste Fhlannáin in Inis, Contae an Chláir, áit ar chríochnaigh sé a mheánscolaíocht. Bhain sé a chéim tríú leibhéal amach sa Tráchtáil i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.

Saol cuir in eagar

Ba iarrthóir de chuid Shinn Féin é Mac Giolla in olltoghchán 1961 i ndáilcheantar Thiobraid Árann Thuaidh.

Ba uachtarán Shinn Féin é ó 1962 amach agus ba é ceann de na daoine a bhrúigh an páirtí i dtreo na heite chlé i rith na 1960í. D'fhan Mac Giolla mar cheannaire ar Shinn Féin Oifigiúil tar éis scoilte sa pháirtí sa bhliain 1969. Phós Mac Giolla May McLoughlin, ball de chuid Shinn Féin agus de chuid Chumann na mBan, rannóg baineann den IRA.

Athainmíodh an páirtí go "Sinn Féin Páirtí na nOibrithe" sa bhliain 1977 agus arís go "Páirtí na nOibrithe" sa bhliain 1982. Toghadh Mac Giolla mar Theachta Dála in olltoghchán Samhna 1982. D'éirigh sé as mar cheannaire an pháirtí sa bhliain 1988 agus tháinig Proinsias De Rossa i gcomharbacht air.

Ba é Mac Giolla an t-aon TD a bhí fágtha ag an bpáirtí tar éis bunaithe an Daonlathais Chlé sa bhliain 1992. Chuaigh seisear Teachtaí Dála eile isteach sa pháirtí nua. Chaill MacGiolla a shuíochán níos déanaí sa bhliain chéanna nuair a fuair Liam Lawlor an cheann is fearr air le farasbarr 59 vóta.

Toghadh Mac Giolla go Bárdas Bhaile Átha Cliath i dtoghlach Bhaile Formaid sa bhliain 1979 agus atoghadh é dhá uaire (1985 agus 1991). Ba Ardmhéara na cathrach é ó 1993 go 1994.

Bhí sé fós gníomhach agus é amach sna hochtóidí agus bhí sé páirteach sa ghrúpa a bhí ag iarraidh Uimhir 16 Sráid an Mhóraigh, áit i lár na cathrach a géilleadh an Piarsach, a shábháil. Ba bhall é de choiste Dublin 98 freisin, coiste chun Éirí Amach 1798 a chomóradh.

Bás cuir in eagar

Fuair sé bás in Ospidéal Beaumont i mBaile Átha Cliath ar 4 Feabhra 2010 tar éis dó a bheith tinn go dona le fada an lá.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar