Tomaghrafaíocht
Íomháú nó déanamh íomhánna trasghearrthacha, den chuid is mó i leith na colainne daonna i gcúrsai míochaine. Ciallaíonn toma sa bhfocal ‘trasghearradh’ sa Ghréigis. Tá córais éagsúla ann chun tomaghrafaíocht a chur i gcrích, mar atá íomháú le hultrafuaim, íomháú le hathshondas maighnéadach núicléach, tomagrafaíocht ríomhaithe atá bunaithe ar X-ghathanna (CT X-ghathach), agus tomaghrafaíocht le hastaíocht phosatrón. I ngach ceann, faightear íomhánna de shlisní trasghearrthacha de na fíocháin, rud a bhíonn fíorúsáideach i ndiagnóisiú an-chuid galar.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |