Tréith ceoil a scríobhtar i ngléas, is é sin, le hairde ar leith mar phointe cluasach tagartha (bunaithe go daingean ag tús is deireadh, de ghnáth) agus láir na ngléasanna eile ag claonadh ina threo. Ó thaobh teoirice de, is í cloch coirnéil na tonúlachta na mórscalaí is na mionscálaí diatonacha, ina mbíonn na hairdí gaolmhar le tonach nó nóta gléis, ionas go bhfuil na hidirchéimeanna idir dhá chéim ar an scála mar an gcéanna, is cuma cén nóta a fheidhmíonn mar thonach. Ní cheadaíonn tonúlacht ach dhá mhodh (modh mór is modh beag), ach is féidir gach ceann acu seo a nochtadh le 12 ghléas cheadaithe, gach ceann gaolmhar le chéile i gcóras cliarlathach, bunaithe ar an oiread nótaí diatonacha atá i gcomhar acu. Tháinig an tonúlacht in ionad na módúlachta sa 16ú-17ú céad, agus d'fheidhmigh mar phríomhbhunús struchtúrtha i saothair cheoil ar feadh 250 bliain. Tháinig sí faoi léigear ag deireadh an 19ú céad nuair a tháinig méadú ar an oiread crómatachais, nó úsáid nótaí ó thaobh amuigh den scála diatonach, agus a lagaíodh aireachtáil chluasach an tonaigh. Sa 20ú céad tairgeadh roinnt mhaith córas malartach.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Tonúlacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 671.