Cuaifeach fhíordhian dhorcha, ar chruth fóiséid, a chruthaítear le linn drochstoirm toirní, is ea tornádó[1][2]camanfa.[3] De bhrí go bhfuil sé lán de dheannach, galuisce is bruscar eile, tá an tornádó dorcha. Bíonn gaotha móra, tintreach is báisteach throm i gcónaí ann chomh maith le tornádó.

Tornádó gar d'Anadarko, Oklahoma

Meitéareolaíocht cuir in eagar

Ní fios fós go cinnte cad iad na coinníollacha is gá chun tornádó a chur ar siúl, ach tá an dealramh ar an scéal gur gá aer tirim fuar, gaotha láidre go hard san atmaisféar, agus aer tais te go híseal. Éiríonn an t-aer te, agus brostaíonn aer isteach ar mhodh guairneach, cosúil leis an uisce ag rith amach as umar folctha.

 

Is measa milltí ar fad tornádó ná an bhunstoirm toirní. Taobh istigh de, tá an brú níos ísle ná brú an atmaisféir mórthimpeall air. Mar sin, má ghabhtar teach le doirse is fuinneoga dúnta istigh ann, pléascann an teach. De ghnáth ní bhíonn bun an tornádó ró-leathan, idir méadar is cúpla ciliméadar, agus ní dhéantar damáiste ach do limistéar tíre dá leithead sin.

Má thrasnaíonn tornádó lochfarraige, cruthaítear buinne uisce de bhrí go súnn an t-isliú brú an t-uisce isteach ann.

 
Yancheng

Tíreolaíocht cuir in eagar

Tarlaíonn tornádónna os cionn na Machairí Móra sna Stáit Aontaithe go rialta, go minic san earrach is tús an tsamhraidh.

Tubaistí cuir in eagar

  • Ar an 18 Márta 1925, bhuail "Tornádó na dTrí Stát" Missouri, Illinois agus Indiana ag marú 695 duine agus ag gortú breis is 2,000.[4]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): tornádó” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2023-08-15.
  2. Pádraig Ó Mianáin, eag.: “tornado — Aistriúchán Gaeilge ar tornado (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2023-08-15.
  3. Tomás de Bhaldraithe, eag.: “English-Irish Dictionary (de Bhaldraithe): tornado” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1959). Dáta rochtana: 2023-08-15.
  4. Hussey, Matt (2011). "Tornádó". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 672.