Trá na gCeann[1] suite ar imeall thiar Chathair na Gaillimhe, míle ó shráidbhaile Bhearna. Tá tóir ar an trá sin ag lucht cathrach, daoine áitiúla agus ag cuairteoirí.[2]

Bosca Geografaíocht PholaitiúilTrá na gCeann, Bearna

Suíomh
Aitheantóir tuairisciúil

Trá éadomhain agus gainmheach atá sábháilte le páistí agus iontach le haghaidh snámh ... nuair atá an taoide istigh. Tá sruth láidir ann. Bíonn garda tarrthála ann  i rith míonna an tsamhraidh. Súnn an gaineamh an teas isteach i rith an lae agus má fhanann tú go mbeidh an taoide lán um thráthnóna, beidh an fharraige féin níos teo le tú féin a thumadh inti.[3]

Tá aill ar thaobh amháin agus carraigeacha ar an taobh eile. Tá radhairc iontach ar Chuan na Gaillimhe. I measc na n-áiseanna tá carrchlós, leithris agus ionad picnice. Tá fáilte roimh mhadraí ar an trá. Is féidir do chathaoireacha rothaí ar an trá freisin.[2]

Bádh an ceoltóir cáiliúil Johnny Duhan agus, tamall níos déanaí, Máire Ní Fhátharta ar an 12 Samhain 2024.[4] Scuab an sruth chun siúil iad. Bhí corp Mháire faighte ag na seirbhísí tarrthála ar an 22 Samhain. Chaith na céadta aon lá dhéag á cuardach ar chósta Chuan na Gaillimhe moch is déanach, ar muir agus ar tír, de shiúl na gcos, san aer agus i mbáid bheaga is mhóra ar an bhfarraige. Bailíodh breis agus €225,000 trí fheachtas GoFundme ‘Tugadh muid Máire abhaile’ le cuidiú le costas an chuardaigh agus gheall an teaghlach go dtabharfaí aon airgead nár caitheadh d’eagraíochtaí tarrthála éagsúla.[5]

Is féidir taistil ann ar Bus 424 Bhus Éireann ó Chathair na Gaillimhe. Ó chathair na Gaillimhe tóg an R336 i dtreo Cois Fharraige agus tá comhartha le haghaidh Trá na gCeann thart ar trí míle taobh amuigh den gcathair.

Féach freisin  

cuir in eagar
  1. i mBéarla, Silverstrand beach Galway
  2. 2.0 2.1 connemara.ie. "Silver Strand -Trá na gCeann Bearna" (en-GB). Connemara & the Islands. Dáta rochtana: 2025-03-14.
  3. Aedin Ni Thiarnaigh (2022-08-18). "Na cúig áit is fearr chun snámh iontu i gContae na Gaillimhe" (en-US). PEIG. Dáta rochtana: 2025-03-14.
  4. "Corp faighte i gConamara sa chuardach do Mháire Ní Fhátharta" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-11-22). Dáta rochtana: 2025-03-14.
  5. "Máire Ní Fhátharta tugtha abhaile go dtína fód dúchais" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-11-25). Dáta rochtana: 2025-03-14.